Réamhíocaíochtaí Scéim Tacaíochta Fodair 2023 fógartha ag an Aire McConalogue

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Réamhíocaíochtaí Scéim Tacaíochta Fodair 2023 fógartha ag an Aire McConalogue

Íocaíochtaí luach €30m á n-eisiúint chuig 67,000 feirmeoir

Inniu d’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., go bhfuil tús curtha le réamhíocaíochtaí a eisiúint chuig feirmeoirí faoi Scéim Tacaíochta Fodair 2023.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue nuair a bhí eolas maidir leis na híocaíochtaí á fhógairt,

“Cúis áthais dom a fhógairt go bhfuil tús curtha ag mo Roinn le réamhíocaíochtaí a eisiúint chuig 67,000 iarrthóir incháilithe an tseachtain seo faoi Scéim Tacaíochta Fodair 2023. Gheobhaidh gach feirmeoir réamhíocaíocht atá cothrom le 57% den íocaíocht iomlán atá dlite dóibh in 2023.

“Cabhróidh na híocaíochtaí seo, mar aon le híocaíochtaí Scéim Tacaíochta Fodair 2022 a íocadh le cúpla seachtain anuas, le feirmeoirí déileáil leis an méadú ar chostais ionchuir talmhaíochta, go háirithe chun leasachán ceimiceach a cheannach, agus an tionchar a bheidh aige sin ar chainníocht an fhodair a bheidh á táirgeadh agus á caomhnú an bhliain seo chugainn.”

Tá Scéim 2023 ag leanúint ar aghaidh ó Scéim Tacaíochta Fodair 2022 agus tá sé mar aidhm léi feirmeoirí stoic thirim go háirithe a dhreasú, chun fodar a fhás (sadhlas agus/nó féar) in 2023 d’fhonn a chinntiú go bhfuil an méid beatha eallaí agus caorach agus is féidir á fhás. Bhí iarrthóirí ar éirigh leis na hiarratais a rinne siad ar Scéim Tacaíochta Fodair 2022 incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar Scéim 2023.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue freisin,

“Tá buiséad luach €30 milliún luaite leis an Scéim Tacaíochta Fodair, agus tá an ráta íocaíochta cothrom le suas le €100 don heicteár. Dúirt mé roimhe seo go leanfaidh mé ar aghaidh le monatóireacht a dhéanamh ar phraghas na n-ionchur talmhaíochta in 2023 agus, sa chás go mbíonn na praghsanna ard, déanfaidh mé iarracht tuilleadh maoinithe a fháil don Scéim seo”

Mar chuid de Scéim Tacaíochta Fodair 2023, chomhaontaigh iarrthóirí le téarmaí agus coinníollacha na scéime ina sonraítear go soiléir sa chás go dteipeann ar iarrthóir cuid de cheanglais na Scéime nó ceanglais uile na Scéime a chomhlíonadh in 2023, go mbeidh sé riachtanach cuid den airgead nó an t-airgead ar fad atá íoctha a fhorchúiteamh. Ní mór d’iarrthóirí é sin a chur san áireamh nuair atá sadhlas agus/nó féar á bhaint acu in 2023 ar na limistéir atá in úsáid do Scéim Tacaíochta Fodair 2023.

Beidh deis ag iarrthóirí na limistéir atá roghnaithe acu do Scéim Tacaíochta Fodair 2023 a leasú nuair a athosclaítear córas ar líne na Scéime i mí Bealtaine/Meithimh 2023.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire mar fhocal scoir,

“Is mian liom freisin an deis seo a thapú chun rannpháirtithe Scéim Tacaíochta Fodair 2022 a fuair comhfhreagras ó mo Roinn freagairt go pras d’fhonn a chinntiú nach mbíonn aon mhoill ar a gcuid íocaíochtaí a eisiúint”.

Mhol an tAire d’aon fheirmeoirí a bhfuil ceisteanna acu maidir leis an Scéim Tacaíochta Fodair iad a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist fss@agriculture.gov.ie

Nótaí do na hEagarthóirí:

• Tá feirmeoirí a bhfuil cead tugtha dóibh páirt a ghlacadh i Scéim Tacaíochta Fodair 2022 incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar Scéim Tacaíochta Fodair 2023.

• Athosclófar an córas ar líne i mí Bealtaine-Meithimh 2023 chun deis a thabhairt d’iarrthóirí a limistéar roghnaithe a leasú/aistarraingt ón Scéim.

• Ní cheadaítear íocaíocht a eisiúint faoin scéim ach le haghaidh 10 heicteár ar a mhéad agus is é €1,000 an íocaíocht uasta phoitéinsiúil a d’fhéadfaí a fháil.

• Sa chás go léiríonn an iomarca daoine spéis sa Scéim, beidh an ráta íocaíochta a bheidh luaite le gach heicteár cothrom le níos lú ná €100 do gach heicteár. Sa chás sin, laghdóidh an Roinn an ráta íocaíochta do gach heicteár nó cloífear leis an ráta €100 do gach heicteár don chéad chúpla heictéar agus laghdófar an ráta a bheidh luaite leis na heicteáir dheireanacha.

• Cuireadh tús le réamhíocaíochtaí a eisiúint i mí na Nollag 2022, agus déanfar tuilleadh íocaíochtaí i Ráithe 4 2023.

Tá Téarmaí & Coinníollacha na Scéime le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne agus ag gov.ie - Scéim Tacaíochta Fodair (www.gov.ie)

Contae Iomlán

Ceatharlach 962

An Cabhán 2885

An Clár 3932

Corcaigh 5689

Dún na nGall 3897

Baile Átha Cliath 218

Gaillimh 6805

Ciarraí 3416

Cill Dara 935

Cill Chainnigh 1546

Laois 1576

Liatroim 2263

Luimneach 2332

An Longfort 1825

Lú 695

Maigh Eo 6284

An Mhí 1901

Muineachán 2571

Uíbh Fhailí 1749

Ros Comáin 4227

Sligeach 2427

Tiobraid Árann 3356

Port Láirge 1001

An Iarmhí 1978

Loch Garman 1961

Cill Mhantáin 1020

Iomlán 67451

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat