Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Síníonn an tAire Stáit Hackett Rúin Forest Europe “Foraois a Oiriúnú d’Athrú Aeráide” agus dearbhú ar “An todhchaí atá uainn: An fhoraois a theastaíonn uainn” (“The future we want: The forests we need”) ag Comhdháil Foraoise na nAirí

Sholáthair an tAire Stáit um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht, an Seanadóir Pippa, ráiteas le hAirí Foraoiseachta Eorpacha eile do Chomhdháil Airí Forest Europe atá á cur ar siúl sa Bhratasláiv, an tSlóvaic. Glacfaidh Airí le rúin maidir le foraois a oiriúnú d’athrú aeráide agus todhchaí foraoise Eorpaí sa chomhdháil a bheidh ar siúl i rith dhá lá ón 14 go dtí an 15 Aibreán 2021.

Luaigh an tAire,

“Thar ceann Rialtas na hÉireann agus mar an Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as Foraoiseacht, tá gliondar croí orm a aithint agus tacú le sárobair Forest Europe. Is rídheas liom ráiteas a dhéanamh leis an gComhdháil ar an gceist thábhachtach a bhaineann le foraois a oiriúnú d’aeráid atá ag athrú. Is deas liom freisin tacaíocht na hÉireann a léiriú le rúin agus le dearbhuithe na nAirí a shíneoidh mé i rith imeachtaí na comhdhála.”

Dúirt an tAire Hackett freisin,

“Glacann foraois an domhain le ról tábhachtach chun ár n-aeráid a rialú agus tacú leis an mbithéagsúlacht ach tá siad leochaileach freisin do na tionchair a imríonn teochtaí atá ag dul in airde. Leanfaidh athrú aeráide le tionchar suntasach a imirt i measc go leor gnáthóg agus speiceas.

“D’fhoilsíomar Plean Oiriúnaithe d’Athrú Aeráide agus Straitéis um Fhorbairt Inbhuanaithe agus Caomhnú d'Acmhainní Géiniteacha Foraoise in Éirinn. Tá na pleananna seo tábhachtach agus tugann siad eolas agus saineolas reatha le chéile chun bealach chun cinn a leagan amach chun na rioscaí dóchúla agus na straitéisí oiriúnaithe a shainaithint don tráth amach romhainn.”

Nótaí don eagarthóir:

Bunaíodh ‘FOREST EUROPE’ i 1990 agus is é Comhdháil na nAirí um Chosaint Foraoise san Eoraip. Próiseas polaitíochta ardleibhéil deonach Uile-Eorpach é le haghaidh plé agus comhar idir-rialtasach maidir le beartais foraoise san Eoraip. Tá 47 sínitheoir leis an gcomhdháil (46 tír agus an tAontas Eorpach). Forbraíonn FOREST EUROPE straitéisí coiteanna do na sínitheoirí seo maidir le conas a bhforaois a chosaint agus a bhainistiú go hinbhuanaithe.

Tá eolas breise ar an 8ú Comhdháil Airí a bheidh ar siúl (go fíorga) sa Bhratasláiv, an tSlóvaic atá ar fáil anseo – 8ú Comhdháil Airí - Forest Europe

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat