Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráitis Eatramhacha Nítrigine agus Fosfair Bhólachta ar fáil

Foilsíodh Ráitis Eatramhacha Nítrigine agus Fosfair Bhólachta don tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Iúil 2025 ar chóras ar líne na Roinne, www.agfood.ie.

Moltar do gach feirmeoir a bhfuil eallach ar a ngabháltas a Ráiteas Eatramhach a sheiceáil toisc go bhfuil na rátaí eisfheartha bó-ainmhithe athbhreithnithe a tugadh isteach i mí Feabhra na bliana seo infheidhme anois. Mar thoradh air sin, beidh athruithe suntasacha ann do roinnt feirmeoirí.

Cuireadh coigeartuithe iomchuí i bhfeidhm freisin maidir le feirmeoirí déiríochta a roghnaigh próitéin amh a bhainistiú sna tiúcháin a thugtar dá mba i mbliana.

Rinneadh mainneachtain ar mhionlach beag d’fheirmeoirí déiríochta nár dheimhnigh banda bó déiríochta a dtréad le haghaidh 2025 go dtí an banda is airde de 106kg N/bó. De réir na cumarsáide a rinne an Roinn roimhe seo leis na feirmeoirí seo, sa chás nach bhfuil an banda is airde oiriúnach, ba chóir dóibh an banda ceart a dheimhniú de réir mar is cuí dá dtréad.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat