Treoirlínte maidir le Leas Ainmhithe do Thréada Déiríochta seolta ag an Aire
- Foilsithe: 10 Aibreán 2019
- An t-eolas is déanaí: 14 Aibreán 2020
Tá leabhrán nua seolta go hoifigiúil ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD dar teideal 'Treoirlínte maidir le Leas Ainmhithe do Thréada Déiríochta' arna chur i láthair ag an gComhairle Chomhairleach Leas Ainmhithe Feirme (FAWAC).
Tríd an leabhrán seo tabharfar cúnamh d'fheirmeoirí na hÉireann na caighdeáin is airde maidir le leas ainmhithe a chothabháil le linn méadú a bheith ag teacht ar an Tréad Déiríochta sa tír.
Maidir le haitheantas a thabhairt d'obair FAWAC, dúirt an tAire:
"Tá ríthábhacht ag baint leis an obair atá déanta ag an ngrúpa seo chun ardchaighdeáin leasa ainmhithe a chothabháil in Éirinn."
Dúirt an tAire freisin:
"Tá sé riachtanach chomh maith go gcinnteoidh gach duine atá i mbun feirmeoireacht déiríochta go bhfuil siad tiomanta do chleachtais mhaithe maidir le leas ainmhithe chun an cháil mhaith atá ar an tír seo i leith leas ainmhithe a choinneáil. Tá an-tábhacht ag baint leis seo mar gheall ar an stádas atá againn mar ghlan-allmhaireoir táirgí talmhaíochta. Tá dul chun cinn á dhéanamh i gcónaí maidir le leas ainmhithe agus tá glactha le hiarrachtaí leanúnacha chun tuilleadh feabhsuithe a dhéanamh."
Ghlac an tAire Creed a bhuíochas leis an Ollamh Patrick Fottrell, cathaoirleach FAWAC, agus le baill na Comhairle, go háirithe le baill an Fho-Ghrúpa Oideachais, ina gcuimsítear ionadaithe ó Thréidliacht Éireann, an ICMSA, agus an IFA chomh maith le hoifigigh na Roinne as a gcuid oibre chun an leabhrán seo a chur le chéile. Chomh maith leis sin léirigh an tAire a bhuíochas as an obair leanúnach agus luachmhar a dhéanann an Chomhairle agus as an gcomhairle a chuirtear ar fáil sa réimse leasa ainmhithe.
Tá an leabhrán ar fáil ar láithreán gréasáin FAWAC ag www.fawac.ie nó ó Rúnaíocht FAWAC - ríomhphost FAWAC@agriculture.gov.ie
CRÍOCH