Cuardaigh ar fad gov.ie

Ciorcláin L4/26

Maidir le: Clár Maoinithe Caipitil don Earnáil Uisce Tuaithe 2027-2029 Iarratais ar Mhaoiniú


D’fhaomh an tAire an Clár Maoinithe Caipitil don Earnáil Uisce Tuaithe 2027-2029 (CMC don EUT 2027-2029), rud is ionann agus an chéad timthriall eile den gClár Uisce Tuaithe Ilbhliantúil (CUTI).

Ag tógáil ar na héachtaí agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó chláir roimhe seo, is é an aidhm ná an maoiniú riachtanach a chur ar fáil chun cáilíocht, méid agus athléimneacht na seirbhísí uisce a mbíonn cónaitheoirí tuaithe ag brath orthu, i gcásanna nach bhfuil seirbhísí uisce poiblí ar fáil, a fheabhsú.

Is é cuspóir an Chiorcláin seo ná cuireadh a thabhairt do d’údarás áitiúil iarratais a dhéanamh ar mhaoiniú faoin CMC do EUT 2027-2029.

Tá ról lárnach ag údaráis áitiúla i seachadadh rathúil an Chláir. Tá siad freagrach as oibriú i gcomhpháirtíocht le Grúpscéimeanna Uisce chun tionscadail tosaíochta a aithint, iarratais ardchaighdeáin a fhorbairt agus a chur isteach, agus maoirseacht a dhéanamh ar sheachadadh tionscadal faofa de réir an Chreata.

Tá eolas tábhachtach i Roinn 3 den Chreat-doiciméad atá i gceangal; leagtar amach ann ról, freagrachtaí agus ceanglais chinnteoireachta na n-údarás áitiúil maidir leis an bpróiseas iarratais agus le riaradh CMC do EUT 2027-2029.

Ba chóir aird ar leith a thabhairt d’Alt 3 den Chreat, alt ina leagtar amach freagrachtaí na n-údarás áitiúil maidir le hiarratais faoin gClár a mheasúnú, a fhormhuiniú, a chur isteach, agus a bhainistiú.

Mar chuid den Chlár, tá ocht mbeart maoinithe ina gclúdaítear na príomhthosaíochtaí infheistíochta chaipitil ar fud na hearnála uisce tuaithe, lena

n-áirítear cosaint foinse, cóireáil uisce, athnuachan bonneagair, cónascadh, tógáil i gcúram agus naisc phobail. Tá sonraí iomlána faoi na téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le gach beart atá ar oscailt chun iarratais ar fáil - féach Aguisín 1.

Próiseas Iarratais

Tá formhór na mbeart sa CMC do EUT 2027-2029 dírithe ar thacaíocht a thabhairt do Ghrúpscéimeanna Uisce. Mar sin de, tá sé ríthábhachtach go n-oibreoidh údaráis áitiúla agus na scéimeanna le chéile chun iarratais chuimsitheacha ardchaighdeánacha ar mhaoiniú a chur isteach.

Tá na húdaráis áitiúla freagrach as iarratais a chur in ord tosaíochta agus ba cheart dóibh a bheith i gceannas ar chur chuige comhchoiteann i leith an phróisis iarratais.

Agus iarratais ar mhaoiniú á n-ullmhú agus á gcur isteach, ba chóir d’údaráis áitiúla:

  • Oibriú go dlúth leis an nGrúpscéim Uisce ábhartha ó chéim luath chun tionscadail tosaíochta a aithint agus iarratais ar mhaoiniú a fhorbairt.
  • A chinntiú go bhforbraítear iarratais i gcomhpháirtíocht leis an nGrúpscéim Uisce ábhartha agus go léirítear iontu an réiteach fadtéarmach is fearr a chomhaontaigh an dá pháirtí sula gcuirfear isteach iad.
  • Iarratais a mheas, tosaíocht a thabhairt dóibh agus tacú leo, agus cuspóirí an Chláir, luach ar airgead agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach an réitigh mholta á gcur san áireamh.

    Agus iarratais ar mhaoiniú á gcur isteach acu, ní mór d’údaráis áitiúla:
  • Iarratais a chur isteach tríd an nasc iarratais ar líne ionas go bhfaighidh an tAonad Uisce Tuaithe iad faoi uair scoir gnó Dé hAoine, an 20 Samhain.
  • Seolfar an nasc don iarratas ar líne trí ríomhphost eile.
  • A chinntiú go bhfuil na doiciméid ábhartha ar fad ceangailte.

A chinntiú gur forbraíodh iarratais i gcomhar leis an nGrúpscéim Uisce ábhartha agus gur chomhaontaíodh an réiteach molta sula gcuirfear isteach iad

Tuarascáil ar Roghanna

Beidh gá le Tuarascáil ar Roghanna i gcás ina mbeidh costas iomlán an tionscadail cothrom le €150,000 nó níos mó, nó i gcás ina sáróidh an maoiniú carnach a iarrfar thar na bearta uile don Ghrúpscéim Uisce lena mbaineann €5,000 in aghaidh an tí.

Is é príomhchuspóir na Tuarascála an rogha fhadtéarmach is inbhuanaithe agus, nuair is cuí, na céimeanna/na céimeanna maoinithe a theastaíonn chun an rogha fhadtéarmach a bhaint amach a shainaithint do na geallsealbhóirí go léir.

Tá sé riachtanach go n-aithnítear an rogha tosaíochta agus go rachfar i gcomhairle leis sula gcuirtear faoi bhráid na Roinne é mar chuid d’iarratas ar mhaoiniú.

Ba chóir don údarás áitiúil agus don Ghrúpscéim Uisce ábhartha aontú leis an rogha is fearr sular gcuirfear iarratas faoi bhráid na Roinne.

Tá tuilleadh eolais le fáil i Roinn 3.4 den Chreat-doiciméad.

Painéal Saineolaithe

Déanfaidh Painéal Saineolaithe measúnú ar gach iarratas bailí a fuair an Roinn roimh an dáta deiridh, an 20 Samhain 2026.

Ní bheidh measúnú á dhéanamh ag an bPainéal Saineolaithe ach ar iarratais atá líonta agus bailí.

Cuirfidh an Painéal moltaí faoi bhráid na Roinne maidir le hoiriúnacht na dtionscadal le haghaidh maoinithe, bunaithe ar na critéir oibiachtúla atá leagtha amach sa Chreat-doiciméad - féach Roinn 4.4.

Breithneoidh an Roinn ar mholtaí an Phainéil agus déanfaidh sí aighneacht chuig an Aire lena breithniú agus lena faomhadh.

Aistriú na dtionscadal a ceadaíodh in CUTI 2024–2026

Ceadaíodh maoiniú do thart ar 900 tionscadal faoi CUTI 2024-2026. Cé gur cuireadh a lán de na tionscadail sin i gcrích, fanann údaráis áitiúla freagrach as tionscadail fós le críochnú a chur chun cinn agus lena chinntiú go n-aistreofar tionscadail go dtí an Clár nua nuair is gá. Leagtar amach i bhfoirm tábla i Roinn 2.4 an ghníomhaíocht a theastaíonn ó údaráis áitiúla i ndáil leis na tionscadail seo faoi CMC do EUT 2027-2029.

Caithfidh údaráis áitiúla leanúint de sheachadadh agus de chríochnú tráthúil na dtionscadal ar leithdháileadh maoiniú orthu faoi CUTI 2024-2026 a bhainistiú.

Tacaíocht ón Roinn

Oibreoidh an Roinn go dlúth le húdaráis áitiúla tríd an bpróiseas iarratais ar fad agus i rith sheachadadh an Chláir chun tacú le cur i bhfeidhm rathúil an Chláir.

Chun tacú leis an bpróiseas iarratais agus a chinntiú go mbeidh iarratais ar mhaoiniú cuimsitheach agus ardchaighdeánacha ann, eagróidh an Roinn ceardlann shonrach agus seisiún ceisteanna agus freagraí le páirtithe leasmhara.

Scaipfidh an tAonad um Uisce Tuaithe den Roinn sonraí eile i leith dáta agus suímh le haghaidh na ceardlainne. Iarrfar ar gach údarás áitiúil baill foirne a ainmniú a bhfuil baint dhíreach acu in ullmhú agus i gcur isteach iarratas le freastal ar an gceardlann.

Spriocdháta d’Iarratais ar Mhaoiniú

Ba cheart iarratais a chur isteach ar líne ag baint úsáid as an gcóras nua iarratais ar líne, agus tuarascáil ar roghanna a bheith leo nuair is gá.

  • Is féidir iarratais chomhlánaithe a chur isteach ón 27 Iúil 2026, ach ní mór don Roinn iad a fháil faoi uair scoir gnó Dé hAoine, an 20 Samhain 2026.
  • Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.

Ceisteanna Ba cheart ceisteanna a bhaineann le CMC do EUT 2027-2029 nó leis an gciorclán seo a sheoladh chuig: Rural.Water@housing.gov.ie

Documents

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat