Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí um Rialacháin do Shéadchomharthaí Forordaithe

Tá an Comhairliúchán dúnta


An chúis a bhfuil Comhairliúchán Poiblí á sheoladh againn

Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag lorg tuairimí ó gheallsealbhóirí agus ó pháirtithe leasmhara maidir le dréachtú Rialachán na hOidhreachta Stairiúla agus Seandálaíochta (Séadchomharthaí Forordaithe) 2026.

Soláthraíonn an comhairliúchán seo deis do pháirtithe leasmhara a dtuairimí a chur in iúl maidir leis na rialacháin bheartaithe fad is atá siad fós ina ndréacht agus sula gcríochnófar iad.

In 2023, d’achtaigh an tOireachtas an tAcht um Oidhreacht Stairiúil agus Sheandálaíoch agus Forálacha Ilghnéitheacha, (“an tAcht”).

Tá sé mar aidhm ag an reachtaíocht seo an chosaint a thugtar d’oidhreacht na hÉireann a neartú, agus tiocfaidh sé in áit Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 go 2014 atá ann faoi láthair.

Príomhfhoráil den Acht is ea córas nua “séadchomharthaí forordaithe” a bhunú. Ciallaíonn sé seo go bhfaigheadh aicmí áirithe suíomhanna seandálaíochta agus suíomhanna oidhreachta eile — cibé acu ar thalamh phoiblí nó ar thalamh faoi úinéireacht phríobháideach atá siad — cosaint dhlíthiúil uathoibríoch.

Conas páirt a ghlacadh

Leagfar amach séadchomharthaí forordaithe trí rialacháin. Tá na rialacháin seo ar fáil don phobal anois i bhfoirm dhréachta, agus is féidir teacht orthu thíos.

Beidh comhairliúchán poiblí ar na dréachtrialacháin ar siúl ar feadh tréimhse cheithre seachtaine ag tosú an 11 Lúnasa 2026, agus is é 5pm an 8 Meán Fómhair 2026 an spriocdháta d’aighneachtaí.

Iarrann an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ar gach páirtí leasmhar, ar ghairmithe tionscail agus ar an bpobal i gcoitinne aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh maidir leis an dréacht Rialacháin um Shéadchomharthaí Forordaithe, trí ríomhphost a sheoladh chuig nationalmonuments@housing.gov.ie nó sa phost chuig Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath 1, D01 W6X0

Tá sé i gceist gur bealach oscailte agus éifeachtach a bheidh sa phróiseas comhairliúcháin chun go mbeidh an pobal in ann páirt a ghlacadh i gcomhrá cuiditheach faoi oidhreacht chomhroinnte na hÉireann. Déanfar measúnú agus anailís chúramach ar gach freagra a gheofar, agus cuirfear san áireamh iad i dtéacs deiridh na rialachán.

Cad a Dhéanfaimid Le Do Fhreagairt

Déanfaimid tiomsú agus athbhreithniú ar aon aiseolas nó tuairimí a sheoltar chugainn. Úsáidfear an t-aiseolas chun bonn eolais a chur faoi leagan deiridh de na Rialacháin um Shéadchomharthaí Forordaithe a thiocfaidh i bhfeidhm ina dhiaidh sin

Is féidir aon cheisteanna atá agat a sheoladh trí ríomhphost chuig nationalmonuments@housing.gov.ie

Doiciméid

Téarmaí agus coinníollacha

Tá na haighneachtaí agus na tráchtanna uile a gcuirtear faoi bhráid na Roinne chun na críche sin faoi réir scaoilte faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF), 2014 agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol) 2007-2014. Tá aighneachtaí faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí freisin.

Ciallaíonn sé sin gur féidir aighneachtaí a sheoltar chugainn a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne, mura n-iarrtar a mhalairt.

Is iad na sonraí pearsanta ar cheart duit a chur san áireamh i d’aighneacht ná d’ainm agus do sheoladh ríomhphoist, gan aon sonraí eile san áireamh, agus ainm d’eagraíochta, más ábhartha. Níor cheart duit aon fhaisnéis phearsanta eile, nó aon fhaisnéis rúnda nó faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chur san áireamh i d’aighneacht.

Cosaint Sonraí

Féadfar an fhaisnéis a chuireann tú ar fáil a úsáid go hinmheánach le haghaidh iniúchta nó críocha comhlíonta eile sa chás go bhfuil bunús dleathach ag an Roinn lena leithéid de phróiseáil.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a n-úsáidtear an fhaisnéis a sheolann tú chugainn, agus faoi na cearta a d’fhéadfá a fheidhmiú maidir le do chuid faisnéise pearsanta, féach le do thoil ar an ráiteas príobháideachais le haghaidh an chomhairliúcháin phoiblí.

Féach ar ár Ráiteas Príobháideachais

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat