Bearta Riachtanacha Caomhantais i Líonra Natura 2000 i gContae na Gaillimhe agus i gContae Mhaigh Eo – Cinneadh ar Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí
- Foilsithe: 3 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 3 Márta 2026
Bearta Riachtanacha Caomhantais lena n-áirítear athchóiriú ar thalamh portaigh agus bearta rialaithe Speiceas Coimhthíoch Ionrach i gcúig láithreán Natura 2000 i gContae na Gaillimhe agus i gContae Mhaigh Eo. Seo a leanas na láithreáin Natura 2000 atá faoi réir an tionscadail: Limistéar Caomhantais Speisialta Choimpléasc Bheanna Beola/an Gharráin; Limistéar Caomhantais Speisialta Choimpléasc Chnoc Maol Réidh/Chnoic Shíofra/Oirimh; Limistéar Caomhantais Speisialta Shléibhte Mhám Toirc; Limistéar Caomhantais Speisialta Choimpléasc Phortach Chonamara agus; Limistéar Caomhantais Speisialta Loch Coirib.