An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Ciste Infheistíochta um Bonneagar Tithíochta (CIBT)
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
- Cad é an CIBT?
- Eolas faoi Ghlao 1
- Glaonna amach anseo agus forbairt an Chiste
- Nóta Treorach don CIBT
- Teimpléid Tuairiscithe
Cad é an CIBT?
Fógraíodh sa phlean Tithe a Sheachadadh, Pobal a Thógáil 2025–2030 CIBT mar phríomhbheart chun tacú le sprioc an Rialtais 300,000 teach a sheachadadh faoi dheireadh 2030. Tá CIBT á bhainistiú ag an Oifig um Ghníomhachtú Tithíochta (OGT) sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Is ionann é an Ciste Infheistíochta um Bonneagar Tithíochta (CIBT) agus ciste €1 billiún, a sholáthraíonn infheistíocht dhíreach i mbonneagar poiblí atá riachtanach chun tithíocht i mbailte agus i gcathracha ar fud na hÉireann a éascú.
Cuireann an Ciste maoiniú caipitil ar fáil do thionscadail bhonneagair phoiblí a bhaineann baic chriticiúla agus a éascaíonn forbairt tithíochta ar scála mór. Cuireann sé le hinfheistíocht faoin bPlean Forbartha Náisiúnta agus oibríonn sé taobh le scéimeanna eile de chuid na Roinne amhail an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach (CAFU).
Eolas faoi Ghlao 1
Ar an 21 Eanáir 2026, sheol an Rialtas Ciste Infheistíochta nua Ilbhliantúil um Bonneagar Tithíochta ar fiú €1 billiún é chun tacú le hinfheistíocht dhíreach i mbonneagar cumasúcháin tithíochta. Is í an Oifig um Ghníomhachtú Tithíochta i mo Roinn a bhainistíonn an ciste.
Is féidir teacht ar shonraí iomlána na scéime agus is féidir iad a íoslódáil ag an nasc seo thíos
Osclaíodh Glao 1 don CIBT d’iarratais ó údaráis áitiúla agus ón nGníomhaireacht Forbartha Talún (GFT) an 21 Eanáir 2026 agus dúnadh é Dé hAoine, an 27 Feabhra 2026. Fuarthas 138 iarratas san iomlán faoi Ghlao 1 ó 30 údarás áitiúil agus ón nGníomhaireacht Forbartha Talún.
Tar éis próiseas measúnaithe mionsonraithe a bhí faoi stiúir na hOifige um Ghníomhachtú Tithíochta, ceadaíodh 82 tionscadal lena gcur san áireamh i gclár an CIBT faoi Ghlao 1.
Tá foireann OGT ag obair go díreach le húdaráis áitiúla agus leis an nGníomhaireacht Forbartha Talún chun na tionscadail a chur chun cinn agus oibreoidh siad le soláthraithe seirbhísí criticiúla amhail Uisce Éireann agus Líonraí BSL chun infheistíocht chomhlántach in uisce agus i bhfuinneamh a chinntiú i bpáirt le seachadadh na 82 tionscadal.
Leanfaidh OGT den CIBT a fhorbairt agus tá sé beartaithe aici a raon feidhme a leathnú chun raon níos leithne comhpháirtithe seachadta ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach a chur san áireamh. Is é an phríomhaidhm atá ann ná clár infheistíochta rollach a fhorbairt lena dtéitear i ngleic leis na bacainní a bhaineann le soláthar tithíochta.
Glaonna amach anseo agus forbairt an Chiste
I ndiaidh Ghlao 1, leanfaidh an Roinn de bheith ag forbairt na hInfheistíochta um Bonneagar Tithíochta agus is mian léi an cur chuige a leathnú chun raon níos leithne de mhodhanna seachadta, agus raon níos leithne de chomhpháirtithe seachadta san earnáil phoiblí agus phríobháideach araon, a chur san áireamh. Is ar an leathanach seo a fhoilseofar sonraí maidir le haon ghlaonna agus nuashonruithe amach anseo i leith an Chiste.