Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Scéim an Chéad Tí

Cuideoidh Scéim an Chéad Tí leat bogadh isteach tríd an mbearna atá idir d’éarlais, do mhorgáiste agus costas d’árais cónaithe nua a dhúnadh.

Scéim Cothromais Chomhroinnte is ea í, maoineoidh an Rialtas agus bainc rannpháirteacha suas le 30% de chostas d’árais ar ghnáthscair de. Is féidir leat an ghnáthscair sin a cheannach ar ais am ar bith.

Tá an scéim ar fáil do cheannaitheoirí céaduaire, do dhaoine atá ag tógáil a gcéad áras cónaithe, agus do thionóntaí atá ag ceannach ó thiarna talún faoin Scéim Ceannaithe Tithe do Thionóntaí. Tá sí ar fáil freisin d’iarratasóirí atá ag ‘tosú as an nua’, a mba leo áras cónaithe roimhe seo ach nach bhfuil aon leas airgeadais acu ann níos mó mar gheall ar idirscaradh, colscaradh, cliseadh caidrimh, dócmhainneacht nó féimheacht.

Chun cáiliú, ní mór duit a bheith os cionn 18 mbliana d'aois, a bheith i do chónaí san áras cónaithe mar do phríomháit chónaithe, áras a d'fhéadfadh a bheith nua nó féintógtha. Caithfidh an réadmhaoin a bheith laistigh de theorainneacha praghsanna áitiúla.

Beidh morgáiste ag teastáil uait ó iasachtóir rannpháirteach, óna bhfuil an t-uasmhéid a cheadaítear á fháil ar iasacht agat, agus ní mór éarlais 10 faoin gcéad ar a laghad a bheith agat.

Is féidir leat leas a bhaint aisti in éineacht leis an Scéim Cabhair le Ceannach má tá tú incháilithe don dá scéim. Is féidir idir 2.5 faoin gcéad agus 30 faoin gcéad de luach na réadmhaoine a mhaoiniú le Scéim an Chéad Tí: níos lú ná sin a bheadh i gceist má tá leas á bhaint agat freisin as an Scéim Cabhair le Ceannach.

Níl aon táille i gceist sna chéad chúig bliana. Ina dhiaidh sin, beidh táille sheirbhíse i gceist mura mbeidh an ghnáthscair ceannaithe ar ais agat.

Bog isteach le Scéim an Chéad Tí.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat