An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
An Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Má tá sé i gceist agat baile a dhéanamh de réadmhaoin atá folamh nó tréigthe d’fhéadfadh an Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh cabhrú leat bogadh isteach.
Cuirtear tacaíocht mhaoinithe ar fáil leis chun réadmhaoine atá folamh nó tréigthe a athchóiriú, bíodh sé i gceist agat cur fút sa réadmhaoin sin nó í a ligean ar cíos.
Chun cáiliú don deontas, caithfidh an réadmhaoin a bheith folamh ar feadh ar a laghad dhá bhliain, gur tógadh é roimh 2008 agus caithfidh sé a bheith in Éirinn. Caithfidh tusa úinéireacht a bheith agat ar an réadmhaoin nó a bheith i mbun an réadmhaoin a cheannach.
Is féidir deontas suas le €50,000 a fháil do réadmhaoin atá folamh nó suas le €70,000 má tá an réadmhaoin tréigthe. Má dhíolann tú an réadmhaoin taobh istigh de 10 mbliana beidh ort cuid den deontas a íoc ar ais.
Clúdaítear mórobair amhail obair dheisiúcháin ar struchtúr na réadmhaoine, pluiméireacht agus obair ar an taobh istigh ach ní chlúdaítear leagan iomlán na réadmhaoine leis.
Tá deontas ar fáil chun árais chónaithe a dhéanamh as spás folamh os cionn siopa agus as foirgnimh ar baineadh úsáid tráchtála astu tráth. Beidh €5,000 ar fáil chun cuidiú le húinéirí comhairle ghairmiúil a fháil agus beidh deontas suas le €135,000 ar fáil chun an obair ina dhiaidh sin a dhéanamh.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh trí d’údarás áitiúil agus ní mór an deontas a bheith ceadaithe sula dtosaítear ar aon obair. B'fhéidir go mbeifeá ábalta leas a bhaint as deontais eile le haghaidh d'athchóirithe.”.
Bog isteach leis an Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh.