An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Ceadaíonn an rialtas Gléasra Cóireála Fuíolluisce nua don Inbhear Mór
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Fuair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, cead ón gComh-Aireacht inniu chun Gléasra Cóireála Fuíolluisce nua a thógáil san Inbhear Mór, Co. Chill Mhantáin.
Tá an obair thógála ar an tionscadal, a bhfuil costas foriomlán measta de €139.3 milliún air, le tosú i R1 2022 agus beidh sé críochnaithe faoi Mheán Fómhair 2025.
Ag tácht dó duirt an tAire O’Brien: “Tá tógáil an ghléasra cóireála fuíolluisce seo ríthábhachtach d’fhás agus d’fhorbairt bhaile an Inbhir Mhóir sa todhchaí, agus do sholáthar rathúil tithíochta.
“Is céim thar a bheith tábhachtach í freisin chun an staid do-ghlactha a cheartú trína scaoiltear fuíolluisce neamhchóireáilte go díreach chuig Abhainn Avoca. Níl aon bhonneagar cóireála fuíolluisce ag baile an Inbhir Mhóir, agus luadh é i mbreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh 2019 i gcoinne an Stáit as gan an Treoir um Chóireáil Fuíolluisce Uirbeach a chomhlíonadh.
“Tá muintir an Inbhir Mhóir ag fanacht ar feadh na mblianta don tionscadal seo a dhearfar agus a thógfar chun freastal ar dhaonra atá ag fás, a eascóidh forbairt eacnamaíoch agus go ríthábhachtach, a chosnóidh an comhshaol,” a dúirt sé.
CRÍOCH