An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Ordú um Lá na Vótála don Fhothoghchán don Seanad déanta ag an Aire Browne subhead
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Inniu, (24 Meán Fómhair 2026) d’fhógair an tUasal James Browne, T.D., an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an tOrdú um Lá na Vótála, á ordú go reáchtálfaí fothoghchán chun an folúntas sa Seanad a líonadh a d’eascair as toghadh an tSeanadóra Seán Kyne chun na Dála.
Toghadh an Seanadóir Kyne ó Fho-Phainéal do Chomhlachtaí Ainmiúcháin de Phainéal an Chultúir agus an Oideachais ag Olltoghchán an tSeanaid in 2025.
Is é Dé Máirt, an 6 Deireadh Fómhair 2026, ag 12 meán lae, an lá deireanach a nglacfar le hainmniúcháin don fhothoghchán. Suífidh Ceann Comhairimh an tSeanaid don rialú ar ainmniúcháin Dé hAoine, an 16 Deireadh Fómhair 2026. Eiseofar na páipéir bhallóide Dé hAoine, an 23 Deireadh Fómhair 2026, agus dúnfar na stáisiúin vótála ag 11 a chlog ar maidin Dé hAoine, an 6 Samhain 2026.
Is iad comhaltaí Dháil Éireann agus Sheanad Éireann a bheidh mar thoghthóirí sa bhfothoghchán.
CRÍOCH