English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tuairisc bhliantúil 2021 ar dhul chun cinn Phlean Gníomhaíochta an Rialtais don Ghaeilge 2018-2022 seolta ag an Aire Stáit, Jack Chambers T.D.

Mar eolas: Íomhánna á dháileadh ag Seán Ó Mainnín tar éis na hócáide

Rinne Jack Chambers T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt an tríú tuairisc bhliantúil ar dhul chun cinn Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 a sheoladh inniu thar ceann an Rialtais ag Oireachtas na Samhna 2022 i gCill Áirne.

Cuimsítear 2021 sa tríú tuairisc seo ina bhfuil léargas tugtha ar an dul chun cinn a rinneadh thar 2021 ar fheidhmiú an 180 beart atá sa phlean féin a foilsíodh i Meitheamh 2018. Tagann foilsiú na tuairisce, a cuireadh faoi bhráid an Rialtais le gairid, leis an ngealltanas a rinneadh nuair a seoladh an Plean Gníomhaíochta é féin i mí an Mheithimh 2018 go bhfoilseofaí a leithéid de thuairisc go bliantúil, ar son na trédhearcachta agus na cuntasachta.

Cé go dtuairiscítear dul chun cinn suntasach sa phlean – ainneoin na paindéime, tá cinneadh glactha bliain bhreise a chur le saolré an phlean le go mbeidh an deis chuí ag páirtithe leasmhara cúram a dhéanamh d’fheidhmiú na mbearta agus dul i ngleic le pé moill a d’eascair as an bpaindéim.

I measc na bpríomh rudaí a baineadh amach in 2021:

• Leathnaíodh rannpháirtíocht sa tionscadal e-Hub a bhfuil sé mar aidhm aige rochtain a sholáthar do mhic léinn ar raon níos leithne ábhar.

• Lean ceannairí scoile agus múinteoirí i scoileanna rannpháirteacha le rochtain a bheith acu ar raon leathan FGL a seachadadh go fíorúil.

• Lean seirbhísí tacaíochta na Roinne do mhúinteoirí agus do ghníomhaireachtaí ar nós an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais agus an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta ag cur lena gcumas tacaíocht a sholáthar do scoileanna Gaeltachta agus do scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

• Faoi dheireadh 2021 faomhadh 32 plean teanga san iomlán do 25 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, 4 Bhaile Seirbhíse Gaeltachta agus 3 Líonra Gaeilge (7 acu sin a faomhadh in 2021).

• Bhí 19 Oifigeach Pleanála Teanga agus 4 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga fostaithe faoin bpróiseas ag deireadh mhí na Nollag 2021.

• Bhain 2,323 páiste Gaeltachta leas as gníomhartha a d’eagraigh Tuismitheoirí na Gaeltachta le tacaíocht ón Roinn in 2021.

• Bhí 55 grúpa gníomhach laistigh den scéim Teanga Tí le linn 2021, bunaíodh 12 ghrúpa Teanga Tí laistigh de Chlubanna CLG.

• Cuireadh maoiniú caipitil ar ráta 95% ar fáil do 6 sheirbhís luathbhlianta sa Ghaeltacht faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne.

• Tháinig Scéim Phobal na Gaeilge chun críche ag deireadh na bliana 2021 agus fógraíodh scéim nua, Scéim Forbartha Líonra na Gaeilge. Faoin scéim nua, cuirfear maoiniú ar fáil do 38 deontaí éagsúla, 8 ag an leibhéal is ísle, 19 ag an meánleibhéal agus 9 ag an ardleibhéal.

• Lean RTÉ ag oibriú Home School Hub ar líne, chun freastal ar riachtanais pháistí bunscoile na tíre le linn COVID-19.

• Reáchtáladh Tech Féile ar líne i mí an Mhárta 2021.

• Lean TG4 le coimisiúnú agus craoladh ábhar do phobal labhartha na Gaeilge.

• Le linn 2021, chuir Acadamh Ríoga na hÉireann 25 milliún focal digitithe ar fáil d’fhoireann eagarthóireachta Fhoclóir Fhoras na Gaeilge, atá ina chomhoibriú suntasach idir an dá eagraíocht.

• Seoladh Foclóir Uí Chadhain, foclóir canúna nár foilsíodh riamh cheana, i mí an Mheithimh 2021. Tá leathmhilliún focal, atá curtha ar fáil ar líne saor in aisce, ar an ardán saintógtha focloiruchadhain.ria.ie.

• Síníodh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 ina dhlí ar an 22 Nollaig 2021.

• Tháinig deireadh leis an maolú ar úsáid na Gaeilge san AE ar an 31 Nollaig 2021. Tá thart ar 200 duine fostaithe anois i bpoist ardchaighdeáin in aonaid Ghaeilge in institiúidí an AE.

• Cruthaíodh 825 post nua lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2021

• Bhí 7,809 post lánaimseartha agus 485 post páirtaimseartha i gcomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ón Údarás ag deireadh na bliana 2021. Nuair a chuirtear gearrrthacha post san áireamh, tá glanmhéadú de 446 ar an méid duine fostaithe ar an iomlán – an glanmhéadú bliantúil is airde ó 1996 i leith.

• Rinneadh infheistíocht ríthábhachtach agus iomasach i mbonneagar gnó na Gaeltachta atá sa ghréasán gteic agus in ainneoin srianta COVID-19 bhí os cionn 320 duine, breis agus 180 acu nach bhfuil san áireamh sna figiúirí fostaíochta, ag obair sna 27 mol digiteach a bhí forbartha ag deireadh 2021.

• Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta infheistíocht Stáit €8.07m i ndeontais fostaíochta, gléasra, oiliúna agus oideachais le linn 2021.

• Ceadaíodh suas le €13.75m i soláthar caipitil le linn 2021 chun bonneagar gnó na Gaeltachta a athchóiriú agus a fhorbairt chun cabhrú le forbairt fostaíochta agus tionscnaimh nua.

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers:

“Tá áthas orm go mbeidh an tuairisc seo á seoladh ag Oireachtas na Samhna i mbliana. Seo an ócáid is mó i bhféilire na Gaeilge, a bhí curtha ar ceal le dhá bhliain anuas agus an chéad uair domsa a bheith anseo mar Aire Stáit.

"Is plean uaillmhianach dúshlánach é an Plean Gníomhaíochta é féin atá comhdhéanta d’os cionn 180 gníomh atá á gcur i bhfeidhm i gcomhar le 60 páirtí leasmhar ar leas foriomlán na Gaeilge agus na Gaeltachta. Cé gur amhlaidh atá tá sé le sonrú ón dá thuairisc bhliantúil atá foilsithe ag mo Roinn faoin ábhar roimhe seo thar ceann an Rialtais, go bhfuil dul chun cinn déanta agus á dhéanamh i rith an ama ar leas fhorfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta thar aon ní eile”.

Ó ceapadh mé mar Aire Stáit na Gaeltachta is údar bróid dom a fheiceáil go bhfuil na spriocanna atá leagtha síos sa phlean seo á mbaint amach bliain i ndiaidh bliana, in ainneoin na ndeacrachtaí faoi leith a bhain le dhá bhliain anuas de thoradh na paindéime. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do ról na bpáirtithe leasmhara éagsúla chun an plean seo a chur i ngníomh; cúis céiliúradh an chomhoibriú agus comhpháirtíocht a bhíonn le feiceáil ar bhonn tras-rialtais agus tras-rannach”

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin bPlean Gníomhaíochta (PG5) agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 (S20) ag an nasc a leanas: 2018-2022

Léigh an tuarascáil anseo

Nóta don Eagarthóir:

Seo a leanas spléachadh ginearálta ar an dul chun cinn a rinneadh i leith phríomh réimsí gnímh an phlean:

Réimse Gnímh 1: Oideachas

• Lean Aonad Oideachas Gaeltachta na Roinne ar aghaidh ag cur comhairle agus tacaíocht leanúnach ar fáil do scoileanna atá rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta i gcomhar le Cigireacht na Roinne agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) le linn 2021. Bhí ard-rátaí rannpháirtíochta sa Scéim arís eile: 80% de bhunscoileanna agus 100% d’iar-bhunscoileanna. Tugadh deis eile do na bunscoileanna sin a roghnaigh gan páirt a ghlacadh sa Scéim a bheith rannpháirteach in 2021.

• Cuireadh tús le hobair ar an bpróiseas chun aitheantas foirmiúil na scoileanna mar Scoileanna Gaeltachta a bhailíochtú.

• Leathnaíodh rannpháirtíocht sa tionscadal e-Hub a bhfuil sé mar aidhm aige rochtain a sholáthar do mhic léinn ar raon níos leithne ábhar.

• Lean ceannairí scoile agus múinteoirí i scoileanna rannpháirteacha le rochtain a bheith acu ar raon leathan FGL a seachadadh go fíorúil.

• Foilsíodh ciorcláin bhliantúla, treoracha do scoileanna agus tuairisc chuimsitheach cás-staidéir ar bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna atá rannpháirteach sa Scéim in 2021.

• Lean seirbhísí tacaíochta na Roinne do mhúinteoirí agus do ghníomhaireachtaí ar nós an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais agus an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta ag cur lena gcumas tacaíocht a sholáthar do scoileanna Gaeltachta agus do scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Réimse Gnímh 2: An Ghaeltacht

• Faoi dheireadh 2021 faomhadh 32 plean teanga san iomlán do 25 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, 4 Bhaile Seirbhíse Gaeltachta agus 3 Líonra Gaeilge (7 acu sin a faomhadh in 2021).

• Bhí 19 Oifigeach Pleanála Teanga agus 4 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga fostaithe faoin bpróiseas ag deireadh mhí na Nollag 2021.

• Cuireadh cur i bhfeidhm Pleananna Teanga chun cinn maidir le 3 Líonra Gaeilge

• Leanadh de Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne a úsáid chun tacú leis an bpróiseas pleanála teanga.

Réimse Gnímh 3: An Teaghlach ag Cur na Teanga ar Aghaidh – Idirghabháil go Luath

• Cuireadh maoiniú caipitil ar ráta 95% ar fáil do 6 sheirbhís luathbhlianta sa Ghaeltacht faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne.

• Bhain 2,323 páiste Gaeltachta leas as imeachtaí a d’eagraigh Tuismitheoirí na Gaeltachta le tacaíocht ón Roinn in 2021.

• Críochnaíodh tionscadal taighde ar theaghlaigh laistigh den Ghaeltacht arb í an Ghaeilge a dteanga baile.

• Bhí 55 grúpa gníomhach laistigh den scéim Teanga Tí le linn 2021, bunaíodh 12 ghrúpa Teanga Tí laistigh de Chlubanna CLG.

• Cuireadh acmhainní breise ar fáil ar an suíomh gréasáin www.teangati.ie.

• Áiríodh leis na hacmhainní tacaíochtaí do Ghrúpaí Súgartha, leanaí faoi 3 bliana d’aois agus ábhar feasachta teanga.

Réimse Gnímh 4: Riarachán, Seirbhísí agus Pobal

• Tháinig Scéim Phobal na Gaeilge chun críche ag deireadh na bliana 2021 agus fógraíodh scéim nua, Scéim Forbartha Líonra na Gaeilge. Faoin scéim nua, cuirfear maoiniú ar fáil do 38 deontaí éagsúla, 8 ag an leibhéal is ísle, 19 ag an meánleibhéal agus 9 ag an ardleibhéal.

• Mar gheall ar mhéadú ar an soláthar i mbuiséad 2021, cuireadh €3.5m ar fáil.

• Chuir Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil do 77 campa samhraidh ceadaithe le linn 2021.

• Ceadaíodh 87 deontaí faoi Scéim na gCampaí Samhraidh agus Scéim na nImeachtaí Óige don scoilbhliain 2020/2021.

Réimse Gnímh 5: Na Meáin & An Teicneolaíocht

• Lean RTÉ ag oibriú Home School Hub ar líne, chun freastal ar riachtanais pháistí bunscoile na tíre le linn COVID-19.

• Lean TG4 ag coimisiúnú agus ag craoladh ábhair do phobal na Gaeilge.

• Tá córas nascleanúna Gaeilge ar fáil anois ar an seinnteoir RTÉ Player. (Tá córas nascleanúna Gaeilge ar fáil anois ar an seinnteoir RTÉ Player. https://www.rte.ie/player/

• Leanadh le maoiniú don tseirbhís nuachta ar líne Tuairisc.ie agus don stáisiún ceoil móréilimh Raidió Rí Rá in 2021.

• Reáchtáladh Tech Féile ar líne i mí an Mhárta 2021.

• Ceadaíodh maoiniú breise do thionscadal Infreastruchtúr Acmhainní Teanga na hEorpa ag tús mhí Aibreáin 2021 ar feadh 21 mhí. Leanadh ar aghaidh le bailiú sonraí teanga i dtreo feabhsuithe i ríomhaistriúchán agus teicneolaíochtaí gaolmhara.

• Leanadh ag infheistiú maoiniú suntasach i dtaighde teicneolaíochta Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath in 2021.

• Rinneadh Bailiúcháin Thomáis Uí Mháille a dhigitiú le maoiniú ón RTCEGSM. Chomh maith leis sin, choimisiúnaigh Roinn na Gaeilge in OÉ Gaillimh coimeádaí chun taispeántas a chruthú faoi shaol agus faoi shaothar Thomáis Uí Máille.

Réimse Gnímh 6: Foclóirí

• Le linn 2021, chuir Acadamh Ríoga na hÉireann 25 milliún focal digitithe ar fáil d’fhoireann eagarthóireachta Fhoclóir Fhoras na Gaeilge, atá in chomhoibriú suntasach idir an dá thionscadal.

• Seoladh Foclóir Uí Chadhain, foclóir canúna nár foilsíodh riamh cheana, i mí an Mheithimh 2021. Tá leathmhilliún focal, atá curtha ar fáil ar líne saor in aisce, ar an ardán saintógtha focloiruchadhain.ria.ie.

• D’fhaomhaigh an Coiste Téarmaíochta os cionn 3,600 téarma nua nó athbhreithnithe

• Leanadh le maoiniú do thionscadal téarmaíochta Eorpach rathúil LEX.

Réimse Gnímh 7: Reachtaíocht agus Stádas

• Síníodh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 ina dhlí ar an 22 Nollaig 2021.

• Tháinig deireadh leis an maolú ar úsáid na Gaeilge san AE ar an 31 Nollaig 2021. Tá breis agus 170 duine fostaithe anois i bpoist ardchaighdeáin in aonaid Ghaeilge in institiúidí an AE.

Réimse Gnímh 8 – Saol Eacnamaíochta

• Cruthaíodh 825 post nua lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2021

• Bhí 7,809 post lánaimseartha agus 485 post páirtaimseartha i gcomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ón Údarás ag deireadh na bliana 2021. Nuair a chuirtear gearrrthacha post san áireamh, tá glanmhéadú de 446 ar an méid duine fostaithe ar an iomlán – an glanmhéadú bliantúil is airde ó 1996 i leith.

• Cuireadh maoiniú riaracháin €2.816m ar fáil do 33 eagraíocht forbartha pobail.

• Infheistíocht ríthábhachtach agus iomasach i mbonneagar gnó na Gaeltachta atá sa ghréasán gteic agus in ainneoin srianta COVID-19 bhí os cionn 320 duine, breis agus 180 acu nach bhfuil san áireamh sna figiúirí fostaíochta, ag obair sna 27 mol digiteach a bhí forbartha ag deireadh 2021.

• Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta infheistíocht Stáit €8.07m i ndeontais fostaíochta, gléasra, oiliúna agus oideachais le linn 2021.

• Ceadaíodh suas le €13.75m i soláthar caipitil le linn 2021 chun bonneagar gnó na Gaeltachta a athchóiriú agus a fhorbairt chun cabhrú le forbairt fostaíochta agus tionscnaimh nua.

Den 185 gníomh sa Phlean, bhí 61 gníomh le cur i bhfeidhm idir 2018 agus deireadh 2021 mar atá léirithe sa ghraf thuas.