Fógra maidir le cuacha

Úsáidtear cuacha ar an suíomh gréasáin seo. Is féidir go bhfuil roinnt cuacha i bhfeidhm cheana. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, léigh ár Ráiteas Príobháideachais. Tríd an suíomh gréasáin seo a úsáid, glacann tú leis an tslí a úsáidimid cuacha.

 
BETA

Is fréamhshamhail í seo - cabhróidh d’aiseolas linn é a fheabhsú

Beathaisnéisí

Leo Varadkar

Ó: Roinn an Taoisigh

Toghadh Leo Varadkar ina Thaoiseach an 14 Meitheamh 2017.

I 1979 a rugadh é. Is as an India a athair agus is as Éirinn í a mháthair. Is sa King's Hospital agus i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath a fuair sé a chuid oideachais, áit a ndeachaigh sé le leigheas. D'oibrigh sé ina dhochtúir sóisearach a cháiligh ina dhochtúir teaghlaigh.

Sheas sé i dtoghcháin Chorparáid Bhaile Átha Cliath i 1999 ach níor éirigh leis. Sheas sé arís in 2004 agus is é is fearr ar éirigh leis.

Toghadh chun na Dála é, an chéad uair aige seasamh, in 2007 agus ghlac sé a shuíochán an 14 Meitheamh.

Ceapadh ina Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt é i ndiaidh Olltoghchán 2011. Ceapadh ina Aire Sláinte é i samhradh na bliana 2014.

Ceapadh ina Aire Coimirce Sóisialaí é i ndiaidh Olltoghchán 2016.

Toghadh ina Cheannaire ar Fhine Gael é an 2 Meitheamh 2017.

Is féidir leat dul i dteagmháil le Uasal Varadkar ag leo.varadkar@oireachtas.ie