John Conlon
Ó An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá John Conlon ina Ard-Rúnaí Cúnta sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le freagracht as an Rannán um Athrú Aeráide.
Roimhe sin bhí sé ina Ard-Rúnaí Cúnta sa Roinn Coimirce Sóisialaí agus áiríodh ar a chuid freagrachtaí oibríochtaí agus beartas gníomhachtúcháin agus tacaíochta fostaíochta, feidhmeanna Airgeadais, Buiséid agus Reachtaíochta agus oibríochtaí rialaithe.
D’oibrigh sé roimhe seo sa Roinn Airgeadais agus sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe áit a raibh raon ról aige lena n-áirítear beartas earnála i réimsí an leasa shóisialaigh agus an oideachais, oifigeach preasa agus róil sa rannán pearsanra agus luach saothair agus an Bord um Athrú go dtí an Euro. D’oibrigh sé freisin in Oifig an Ombudsman agus leis an gCoimisiún Cánachais.
Ríomhphost: john.conlon@per.gov.ie