Is é Stephen Donnelly an tAire Sláinte. Ceapadh sa ról seo é i mí Iúil 2020.
Tá sé ina TD do dháilcheantar Chill Mhantáin ó olltoghchán 2011 go dtí seo.
D'oibrigh Stephen roimhe seo mar chomhairleoir bainistíochta le McKinsey & Co., ag speisialú san athrú bunathraithe in eagraíochtaí móra san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon.
D'oibrigh sé in go leor earnálacha, lena n-áirítear an cothromas príobháideach, an mhiondíol, an bonneagar poiblí, an cúram sláinte, an t-oideachas, an fhorbairt idirnáisiúnta, agus na hearnálacha deonacha agus sóisialta.
Rinne sé staidéar ar an fhorbairt idirnáisiúnta sa Harvard Kennedy School, agus béim curtha ina chuid staidéar ann ar conas geilleagair a atógáil agus pobail leochaileacha a chosaint agus a neartú.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh Stephen Donnelly ag stephen.donnelly@oireachtas.ie