Tá Ken Spratt ina Ard-Rúnaí ag an Roinn Iompair ó Iúil 2020. D’fhóin sé roimhe seo mar Ard-Rúnaí Cúnta Turasóireachta agus Spóirt (2016-2020) agus Ard-Rúnaí Cúnta Fuinnimh (2012-2015).
Tá Céim Máistir Eolaíochta bainte amach aige ó Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus Ollscoil Uladh, Jordanstown agus céimí é le hInstitiúid na Stiúrthóirí, Éireann, agus an Institiúid Chairte um Fhorbairt Pearsanra. Tá cáilíochtaí tríú leibhéal agus gairmiúla bainte amach aige i mbainistíocht acmhainní daonna (HRM), Dlí Fostaíochta, Eacnamaíocht, Anailís Córas agus Rialachas Corparáideach.
Thosaigh sé ag oibriú leis an Státseirbhís i 1986 agus d’oibrigh sé i seacht Roinn Rialtais, agus d’fhóin sé thar lear freisin. Cheap an Rialtas é ina Ard-Rúnaí ag an Roinn Iompair agus tá sé freagrach as 560 ball foirne na Státseirbhíse, 20 Gníomhaireacht Stáit (san eitlíocht, iompar muirí, iompar poiblí, bóithre, sábháilteacht iompair, Garda Cósta na hÉireann san áireamh) agus as buiséad bliantúil €3.5 billiún (2021).