Anne Rabbitte
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Anne Rabbitte ina hAire Stáit sa Roinn Sláinte agus sa Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige le freagracht speisialta as Míchumas. Ceapadh sa ról seo í i mí Iúil 2020.
Is as baile beag in iarthar na hÉireann di, Port Omna, Co na Gaillimhe. Máthair baintreach is í a bhfuil triúr leanaí aici atá san oideachas dara leibhéal, bhí sí ina TD do dháilcheantar Oirthear na Gaillimhe ó olltoghchán 2016 ar aghaidh.
Bhí sí ina comhalta de chuid Chomhairle Contae na Gaillimhe ó 2014 go dtí 2016. I mí na Bealtaine 2016, ceapadh í ar bhinse tosaigh Fhianna Fáil mar Urlabhraí um Ghnóthaí Leanaí agus Óige.
D'oibrigh Anne in institiúidí airgeadais ar feadh 25 bliana agus is comhairleoir airgeadais cáilithe í. Ar feadh 3 bliana, reáchtáil Anne áis cúram leanaí pobail.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Anne Rabbitte ag anne.rabbitte@oireachtas.ie