Ceapadh Catherine Byrne TD mar Aire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí sa Roinn Sláinte i mí an Mheithimh 2017.
Toghadh Catherine chuig Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath den chéad uair sa bhliain 1999 agus bhí sí ina hArd-Mhéara ar Bhaile Átha Cliath ón mbliain 2005 go dtí an bhliain 2006. Agus ionadaíocht á déanamh aici do dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Theas-Lár, toghadh í den chéad uair chuig an 30ú Dáil an 24 Bealtaine 2007. Atoghadh í ina dhiaidh sin chuig an 31ú Dáil sa bhliain 2011 agus chuig an 32ú Dáil sa bhliain 2016. Le linn na dtéarmaí Dála a bhí aici roimhe seo, bhí Catherine ina comhalta den Chomhchoiste Oireachtais um Shláinte, Oideachas agus Coimirce Shóisialach. Sular ceapadh í chuig a ról reatha, bhí Catherine ina hAire Stáit le freagracht as Pobail agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Catherine Byrne Uas. ach ríomhphost a sheoladh chuig catherine.byrne@oireachtas.ie