An tAire Stáit Peter Burke
Ó Roinn an Taoisigh; An Roinn Cosanta; An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Roinn an Taoisigh; An Roinn Cosanta; An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Peter Burke ina Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh agus ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha le freagracht speisialta as Gnóthaí AE; agus an Roinn Cosanta. Is de bhunadh an Mhuilinn Chearr é agus toghadh chun na Dála é sa bhliain 2016, i ndiaidh dó a bheith páirteach sa pholaitíocht toghcháin ó 2009 nuair a toghadh é ina chomhalta de Chomhairle Contae na hIarmhí den chéad uair.
Is Cuntasóir Cairte é agus tá deich mbliana taithí aige ag obair san earnáil phríobháideach. Roimh a cheapachán sa Roinn Tithíochta in 2020, bhí Peter ina chomhalta de Choiste Airgeadais agus Coiste um Chuntais Phoiblí an Oireachtais agus bíonn sé le cloisteáil sna meáin go minic ag trácht ar chúrsaí cánach agus airgeadais. D’fhreastail sé ar Choláiste Mhuire sa Mhuileann gCearr sular thug sé aghaidh ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit a ndearna sé cúrsa Tráchtála.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Aire Stáit Burke trí ríomhphost a sheoladh chuig peter.burke@oireachtas.ie