Is Ard-Rúnaí Cúnta í Fiona Ward agus í freagrach as Seirbhísí Fostaíochta agus sainchúram uirthi a chuimsíonn an tseirbhís fostaíochta phoiblí, beartas agus oibríochtaí, a bhfuil tacaíochtaí gníomhachtaithe fostaíochta mar chuid de, chomh maith le seirbhísí fostaíochta Intreo agus seirbhísí fostaíochta do chomhpháirtithe de chuid Intreo (seirbhísí conartha), mar aon le cláir fostaíochta (lena n-áirítear Fostaíocht Pobail, Tús agus an Scéim Shóisialta Tuaithe) agus caidreamh/plé le fostóirí.
Chomh maith le seo, is ionadaí na hÉireann í ar Líonra Seirbhísí Fostaíochta Poiblí de chuid an AE. Is iomaí ról a bhí ag Fiona sa Roinn go dtí seo agus dea-theist uirthi le fada an lá maidir le seirbhísí a sholáthar agus a nuachóiriú.
Ceapadh Fiona mar Rúnaí Cúnta sa Roinn Coimirce Sóisialaí i mí Dheireadh Fomhair 2021.