James Lawless
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é James Lawless an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta. Ceapadh sa ról seo é an 23 Eanáir 2025.
Roimhe sin, bhí sé ina Aire Stáit ag an Roinn Iompair le freagracht speisialta as Iompar Idirnáisiúnta agus Bóthair agus Lóistíocht; agus an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide le freagracht speisialta as Beartas Poist.
Toghadh James Lawless chun na Dála chun ionadaíocht a dhéanamh ar Chill Dara Thuaidh in 2016 agus 2020 agus roimhe sin bhí sé ina bhall de Chomhairle Contae Chill Dara, ag fónamh mar Mhéara ar an Nás in 2015.
Rinne sé staidéar ar Mhata agus Eolaíocht Ríomhaireachta i gColáiste na Tríonóide agus ar an Dlí in Óstaí an Rí áit ar cháiligh sé mar Abhcóide. Chleachtaigh sé le speisialtacht sa dlí muirí/lasta.
Ghlac sé páirt sa pholaitíocht ar dtús mar ghníomhaí comaitéireachta agus tá sé fós ina thacadóir láidir chun naisc iompair, seirbhísí iarnróid agus bus a fheabhsú, bonneagar siúil agus rothaíochta níos fearr lena n-áirítear féarbhealaí.
Laistigh den Dáil tá sé ina ghuth láidir ar Theicneolaíocht agus ar Bheartas Digiteach ag tabhairt isteach reachtaíocht cheannródaíoch ar Rialáil na Meán Sóisialta agus ar Chibeardhíobháil. D’fhóin sé mar urlabhraí an fhreasúra ar Eolaíocht & Teicneolaíocht ó 2016-2020 agus mar Chathaoirleach ar an gCoiste Dlí agus Cirt ó 2020-2024.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Uasal Lawless ag: james.lawless@oireachtas.ie