Roderic O'Gorman
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é Roderic O'Gorman an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige. Ceapadh sa ról seo é i mí an Mheithimh 2020.
Toghadh Roderic mar ionadaí do thoghcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar in olltoghchán 2020. Sular toghadh é chuig Dáil Éireann, d’fhóin sé ar Chomhairle Contae Fhine Gall, tar éis dó a bheith tofa den chéad uair in 2014 agus atoghadh in 2019, mar ionadaí don Chomhaontas Glas.
Is léachtóir dlí an AE é, agus d’oibrigh sé le hInstitiúid Brexit DCU, ag díriú ar conas an dúshlán atá roimh Éirinn a bhainistiú mar thoradh ar chinneadh na RA an tAontas Eorpach a fhágáil. D’fhóin sé freisin ar bhord bainistíochta cúig scoil – Cúil Mhín, Scoil Choilm, Scoil Speisialta Dhanú, Pobail Setanta agus Coláiste Pobail Chaisleán Cnucha.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Uasal O’Gorman ag minister@equality.gov.ie