Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Fógra go bhfuil fachtóir coigeartaithe áitiúil á shocrú

  • Ó: Comhairle Chontae Mhaigh Eo

  • Foilsithe:
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 14 Iúil 2026
  • dúnadh na haighneachtaí: 13 Lúnasa 2026
  • An t-eolas is déanaí:

Tá an Comhairliúchán dúnta

Déantar foráil shonrach san Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil), 2012 (arna leasú), gur féidir le comhaltaí tofa d’údarás áitiúil Rún foirmiúil a rith chun bunráta na Cánach Maoine Áitiúla a athrú dá limistéar riaracháin faoi chéatadán ar a dtugtar an fachtóir coigeartaithe áitiúil. Ag an gcruinniú a chuir Comhairle Contae Mhaigh Eo ar bun chun breithniú a dhéanamh ar an gceist seo, féadfaidh na comhaltaí fachtóir coigeartaithe áitiúil a shocrú laistigh de réimse -15%/+25% den bhunráta, nó, féadfaidh siad an cinneadh a dhéanamh gan an bunráta a choigeartú.

Casfaidh Comhairle Contae Mhaigh Eo lena chéile i nDeireadh Fómhair 2026 chun breithniú a dhéanamh ar fhachtóir coigeartaithe áitiúil a shocrú.

Cuireann Comhairle Contae Mhaigh Eo fáilte roimh aighneachtaí scríofa ón bpobal ar an gceist seo a chuimsíonn na héifeachtaí féideartha go sonrach a bheidh ag athrú bhunráta na Canach Maoine Áitiúla i dtaobh gnólachtaí, daoine aonair agus seirbhísí údaráis áitiúil.

Caithfear aighneachtaí a fháil faoin 14 Lúnasa 2026 agus ní mór iad a sheoladh chuig: An Stiúrthóir Airgeadais Comhairle Contae Mhaigh Eo, Áras an Chontae, An Meal, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, nó ar ríomhphost chuig: lptfinance2026@mayococo.ie.

Comhairliúchán seachtrach

Chun féachaint ar an gcomhairliúchán cliceáil ar an gcnaipe thíos.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat