Ba cheart faisnéis rúnda nó faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de a shainiú go soiléir san aighneacht, ach ba cheart do pháirtithe a thabhairt faoi deara freisin go bhfuil freagra ar bith nó gach freagra ar an gcomhairliúchán faoi réir, ina n-iomláine, fhorálacha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise agus go bhfoilseofar iad ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Trí fhreagra a chur chuig an gcomhairliúchán, toilíonn na freagróirí dá n-ainm a fhoilsiú ar líne leis an aighneacht. Tabhair le fios i do fhreagra, le do thoil, cé acu freagra i gcáil phearsanta nó freagra thar ceann eagraíochta atá á chur ar aghaidh agat. Folóidh an Roinn seoltaí pearsanta agus seoltaí ríomhphoist pearsanta roimh an bhfoilsiú. Ní dhéanfar atheagrú ar bith ar shonraí teagmhála ná ar ainmneacha in aighneachtaí ó eagraíocht. Tarraingímid aird ar ráiteas príobháideachais na Roinne: “Éilíonn an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar fhreagróirí sonraí pearsanta faoi leith a chur ar fáil chun seirbhísí a sholáthar agus tabhairt faoi fheidhmeanna na Roinne. Féadtar do shonraí pearsanta a mhalartú le Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais eile i gcúinsí áirithe, i gcás inar dleathach. Tá na sonraí iomlána le fáil inár bhFógra Príobháideachais Sonraí.”