Comhairliúchán faoin dara Plean Feidhmithe Náisiúnta SDG
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán dúnta
In Agenda 2030, déantar tíortha a ghríosú chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) a mheascadh isteach sa phleanáil agus sa bheartas, ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta. Mar thionscnamh uile-rialtais faoi mhaoirseacht na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, tá an fhreagracht ar gach Aire na spriocanna aonair SFI a bhaineann lena chuid feidhmeanna féin a chur i bhfeidhm.
Faoi láthair, táimid ag forbairt an Dara Plean Feidhmithe Náisiúnta SFI ina leagfar amach socruithe maidir leis an gcomhordú idir ranna, an teagmháil le páirtithe leasmhara agus na gníomhaíochtaí a bheidh de dhíth le haghaidh Feidhmiú SFI breise a dhéanamh idir 2021 agus 2023.
Cé nach mbeidh gníomhaíochtaí beartais laistigh den Phlean Feidhmithe Náisiúnta féin, beidh de rún aige tacú le beartais agus iad a chur chun cinn ar fud an rialtais, rud a chuirfidh leis an iarracht na Spriocanna a bhaint amach agus deiseanna a aithint leis an gcomhtháthú beartais a fheabhsú.
Gné bhunúsach maidir le forbairt a dhéanamh ar an bPlean Feidhmithe Náisiúnta is ea éisteacht le glórtha na bpáirtithe leasmhara agus iad a thabhairt isteach san áireamh. Léirítear tríd an gcur chuige seo gur le gach duine na SFInna agus go mbeidh ar rialtais bheith ag obair i bpáirtíocht leis an bpobal má táthar leis na Spriocanna a bhaint amach.
Tá na cuspóirí a leanas ag an gcomhairliúchán ar líne seo:
Áirítear sa chomhairliúchán rannóg roghnach, sainearnála dóibh siúd a bheidh ag freagairt ar son grúpa nó eagraíochta, chun cabhrú linn a shocrú cé na riachtanais tacaíochta a bheidh ag earnálacha éagsúla.
Iarrtar ort bheith páirteach sa chomhairliúchán seo agus do thuairimí a roinnt maidir leis an gcaoi ar féidir linn leanúint den dul chun cinn agus na 17 SFI a bhaint amach faoi 2030.
Beidh an comhairliúchán ar oscailt go dtí 17.30 ar an 10 Meán Fómhair 2021 agus is féidir aighneachtaí a dhéanamh ar líne trínár n-ardán comhairliúcháin . Sa chás go mbeadh deacrachtaí agat freagairt a chur isteach ar líne, nó gur mhaith leat aighneacht a dhéanamh tríd an bpost, an ríomhphost nó i nGaeilge, cuir ríomhphost chugainn ag SDGs@DECC.gov.ie
Tá an comhairliúchán seo á reáchtáil ar líne faoi rialacha dochta cosanta sonraí, agus ar an ábhar sin, níl sé ar oscailt ach dóibh siúd atá níos sine ná 16. Tá an fhaisnéis faoin gcosaint a chuirtear ar fáil do fhreagróirí idir 16-18 mbliana d’aois ar fáil ar gov.ie.
Tugtar do d’aire, le do thoil, go bhfuil freagairtí don chomhairliúchán seo faoi réir ag forálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 (FOI), Rialacháin faoi Rochtain ar Fhaisnéis i gCúrsaí Comhshaoil 2007-2014 (AIE) agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018. Is féidir go bhfoilseodh an Roinn ábhar gach aighneachta a fhaightear sa chomhairliúchán seo, ach coinneoidh an Roinn aon sonraí pearsanta siar ón bhfoilsiú.