Comhairliúchán Poiblí dréacht Phlean Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl Bhia
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá an comhairliúchán á athbhreithniú
Fadhb dhomhanda is ea dramhaíl bhia a bhfuil iarmhairtí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha ag baint léi. Baintear úsáid as go léir acmhainní suntasacha chun bia a fhás, a phróiseáil agus a iompar.
Féadann dramhaíl bhia teacht chun cinn ar roinnt cúiseanna ag roinnt pointí éagsúla sa soláthar biashlabhra. Shaothraigh Éire thart faoi 1.1 milliún tonna de dhramhaíl bhia in 2019 (gan dramhaíl bhia ó phríomhtháirgeadh san áireamh) Meastar go dtagann thart ar leath den dramhaíl bhia ón earnáil phróiseála agus dhéantúsaíochta agus go dtagann an chuid eile ó theaghlaigh, bialanna agus seirbhís bhia, agus miondíol agus dáileadh.
Tugtar aird ar an bpráinn agus ar an dúshlán a bhaineann le dul i ngleic le dramhaíl bhia ar leibhéal idirnáisiúnta trí Sprioc 12.3 de Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe: "By 2030, halve per capita global food waste at the retail and consumer levels and reduce food losses along production and supply chains, including post-harvest losses".
Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta Dramhaíola do Gheilleagar Ciorclach roinnt gealltanas maidir le dramhaíl bhia a chosc, lena n-áirítear obair i bpáirt le réimse de pháirtithe leasmhara chun Plean um Chosc ar Dhramhaíl Bhia a fhorbairt ina leagtar amach sraith beart chun na laghduithe atá riachtanach a sholáthar chun ár ndramhaíl bhia a laghdú faoi 2030, aon spriocanna gaolmhara eile a bhaint amach, agus ár n-aistriú chuig geilleagar ciorclach a chur chun cinn.
Tá dréacht-Phlean Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl Bhia ullmhaithe againn ina leagtar amach faisnéis ar na nithe seo a leanas:
Tugaimid cuireadh don phobal agus do pháirtithe leasmhara aighneachtaí a dhéanamh ar an bPlean Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl Bhia.
Tá teimpléad curtha ar fáil againn thíos ina bhfuil ceisteanna a d’fhéadfadh a bheith úsáideach duit agus tú ag cur aighneachta isteach. Ní gá duit gach ceist a fhreagairt agus tá cead do chinn agat tuairim a léiriú ar aon chuid den dréacht-Threochlár.
Dréacht Plean um Chosc ar Dhramhaíl Bhia na hÉireann Ceisteanna Comhairliúcháin Phoiblí
Druidfear an comhairliúchán poiblí ar 5.30pm Déardaoin 24 Márta 2022
Ba cheart aighneachtaí a sheoladh trí ríomhphost chuig foodwaste@decc.gov.ie nó sa phost chuig:
Comhairliúchán Poiblí Phlean Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl Bhia na hÉireann
An Rannóg um Beartas agus Forfheidhmiú Dramhaíola,
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide,
Bóthar an Bhaile Nua,
Loch Garman,
Y35 AP90
Táimid meáite ar dhul i dteagmháil le páirtithe leasmhara ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Is féidir le duine nó eagraíocht ar bith aighneacht a dhéanamh maidir leis an gcomhairliúchán seo. Déanfar gach aighneacht agus aiseolas a mheas sula dtabharfar an Phlean chun críche.
Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 (FOI), na Rialachán um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol 2007-2018 (AIE) agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018.
Tabhair do d’aire freisin go bhfuil sé beartaithe againn ábhar na n-aighneachtaí go léir a gheofar i dtaca lenár gcomhairliúcháin a fhoilsiú ar ár suíomh gréasáin. Déanaimid sonraí pearsanta a cheilt roimh fhoilsiú. Agus freagra á thabhairt ar an gcomhairliúchán seo, ba cheart do pháirtithe a léiriú go soiléir má tá faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de nó faisnéis rúnda ina gcuid freagraí nár mhaith leo a chur ar fáil faoi Shaoráil Faisnéise, AIE nó a fhoilsiú ar bhealach eile.
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháide Sonraí a mhíníonn cén uair agus cén chaoi a mbailímid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanaimid amhlaidh agus cén chaoi a gcaithimid leis an bhfaisnéis sin. Míníonn sé freisin do chearta maidir le faisnéise pearsanta a bhailiú agus cén chaoi ar féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.