Is féidir a rá, mar mhion-sainmhíniú, gurb é sainordú foriomlán na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ná ár nOidhreacht Nádúrtha a chaomhnú, a chosaint agus a chur i láthair agus clúdófar leis an athbhreithniú atá beartaithe gach gné den sainordú sin. Beifear feasach ar an ról iomlán atá ag an NPWS, dá réir, san athbhreithniú a dhéanfar air, ní amháin i dtaca le caomhnú an dúlra, an bhithéagsúlacht agus forfheidhmiú na reachtaíochta fiadhúlra ach, anuas air sin, ó thaobh na forbartha, na bainistíochta agus cur i láthair ár bPáirceanna Náisiúnta, ár n-Anaclainn Dúlra agus ár dtailte portaigh athshlánaithe, lena n-áirítear an úsáid gur féidir a bhaint amach astu mar shaoráidí agus an tábhacht atá i gceist leo do phobail áitiúla, don fhorbairt gheilleagrach réigiúnach, agus don turasóireacht inbhuanaithe agus don fhostaíocht inbhuanaithe araon.