Ráiteas Straitéise 2021 - 2023 - Glao ar aighneachtaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá an comhairliúchán á athbhreithniú
Tá an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ag ullmhú Ráiteas Straitéise nua faoi láthair ina gcuimsítear an tréimhse 2021-2023.
Cáipéis thábhachtach í seo ina leagfar amach fís straitéise na Roinne agus í ag súil le cur leis an dul chun cinn atá déanta aici ó bunadh í in 2017. Leagfar amach spriocanna agus cuspóirí ardleibhéil na Roinne ann mar aon le straitéisí agus gníomhaíochtaí a bheidh le tabhairt chun cinn chun ár misean a bhaint amach, agus is í sin, mar a tugadh le fios inár Ráiteas Straitéise deiridh; Forbairt tuaithe agus pobail a chur chun cinn agus tacú le pobail bheoga, chuimsitheacha agus inbhuanaithe ar fud na hÉireann.
Cuirfear eolas ar fáil ann chomh maith maidir leis an gcaoi a ndéanfaidh an Roinn monatóireacht ar dhul chun cinn chun a cuid spriocanna a bhaint amach trí aschur, torthaí agus táscairí feidhmíochta a féidir a thomhas a aithint.
Táimid sásta cuireadh a thabhairt do pháirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur ar aghaidh maidir le síneadh a chur leis an misean seo amach sna blianta romhainn, go háirithe maidir leis na réimsí a leanas:
Sannadh an fhreagracht orainn le gairid maidir le polasaithe agus cláir a chur ar fáil na do na hOileáin. Beidh an fheidhm thábhachtach nua ina chuid den Ráiteas Straitéise nua.
Cuirfimid fáilte chomh maith roimh aon tuairimí eile a d'fhéadfadh cuidiú linn maidir le forbairt níos ginearálta na Straitéise nua.
Ba cheart aighneachtaí a sheoladh ar ríomhphost chuig coordination@drcd.gov.ie agus “Ráiteas Straitéise 2021 - 2023 ” a chur sa líne ábhair.
Faoi dheireadh an lae oibre Dé Luain an 19 Deireadh Fómhair an dáta deiridh a n-glacfar le haighneachtaí.
Tabhair ar aird le do thoil go bhfuil sé beartaithe na haighneachtaí a fhaightear a chur ar fáil faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise agus, mar sin, d'fhéadfaí iad a fhoilsiú ar ár láithreán gréasáin i ndiaidh fhoilsiú an Ráitis Straitéise.