Comhairliúchán Poiblí ar Ráiteas Straitéise nua don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá an comhairliúchán á athbhreithniú
Tá áthas ar an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta & Fiadhúlra a fhógairt go bhfuil síneadh ama curtha leis an spriocdháta le haighneachtaí a fháil mar gheall ar an ardéileamh go dtí Dé hAoine an 20 Eanáir 2023 . Míle buíochas le gach éinne a chuir aighneacht isteach cheana féin.
Leagfaidh an chéad Ráiteas Straitéise don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) misean lárnach agus luachanna an SPNF amach, chomh maith lenár dtosaíochtaí straitéiseacha tábhachtacha mar eagraíocht do 2023-2025.
Tá muid ag iarraidh bhur ndearcthaí a fháil maidir le cén tosaíochtaí ar cheart a bheith againn sna trí bliana atá amach romhainn. Cad iad na spriocanna is tábhachtaí a cheapann tú gur cheart don SPNF oibriú i dtreo thar an tréimhse ama sin? An bhfuil smaointe maithe agat maidir le conas na spriocanna sin a bhaint amach? Conas ar cheart dúinn dul chun cinn a thomhas?
Táimid ag iarraidh cloisteáil uait.
Tá dhá bhealach ann deis labhartha a bheith agat:
Straitéis Chomhairliúcháin
An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra,
90 Sráid An Rí Thuaidh, Baile Átha Cliath 7
D07 N7CV.
Tá áthas ar an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta & Fiadhúlra a fhógairt go bhfuil síneadh ama curtha leis an spriocdháta le haighneachtaí a fháil mar gheall ar an ardéileamh go dtí Dé hAoine an 20 Eanáir 2023 . Míle buíochas le gach éinne a chuir aighneacht isteach cheana féin.
Comhairliúchán Poiblí ar Ráiteas Straitéise nua don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra - Dréacht Ráiteas Straitéise 2023 go 2025
Comhairliúchán Poiblí ar Ráiteas Straitéise nua don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra - Ráiteas Príobháideachais
Cabhróidh do dhearcthaí linn cruth a chur ar Straitéis na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra i rith na trí bliana atá le teacht.
Féadfar gach aighneacht atá faighte againn mar chuid den chomhairliúchán a fhoilsiú nó a scaoileadh ar shlí eile faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (ASF), 2014, agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol) 2007- 2014.
Tá aighneachtaí faoi réir reachtaíocht maidir le Cosaint Sonraí. Ba chóir nach mbeadh faisnéis phearsanta, rúnda nó atá íogair ó thaobh na tráchtála de san áireamh i dtéacs na haighneachta .
Féach ar an Ráiteas Príobháideachais don chomhairliúchán seo le do thoil.