Comhairliúchán Poiblí maidir le Ráiteas Straitéise 2023-2026 na Roinne a fhorbairt
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán dúnta
Tá an Roinn Coimirce Sóisialaí i mbun a Ráiteas Straitéise nua a fhorbairt agus a ullmhú chun an tréimhse 2023-2026 a chlúdach.
Is é ár misean: Rannpháirtíocht agus cuimsiú gníomhach a chur chun cinn sa tsochaí trí thacaíochtaí ioncaim, seirbhísí fostaíochta agus seirbhísí eile a sholáthar.
Leagfar amach sa doiciméad tábhachtach seo ár spriocanna agus ár gcuspóirí ardleibhéil chomh maith leis na straitéisí agus na gníomhartha atá le cur chun cinn chun an misean seo a bhaint amach.
Cuirimid ár gcliaint i gcroílár ár n-oibríochtaí go léir, soláthraímid tacaíocht ioncaim chomhtháite agus seirbhís dírithe ar ghníomhachtú.
Le cuidiú leis an roinn a fís straitéiseach a shainiú do na trí bliana amach romhainn, tugtar cuireadh anois do gach páirtí leasmhar a dtuairimí a chur isteach maidir leis na saincheisteanna nó na hábhair ar cheart díriú orthu sa Ráiteas Straitéise.
Tá Ráiteas Straitéise na roinne 2020-2023 ar fáil Ráitis Straitéise
Tá tuilleadh faisnéise faoi fheidhmeanna agus fhreagrachtaí na roinne ar fáil leathanach baile na roinne .
Aighneachtaí
Ba chóir aighneachtaí a sheoladh trí r-phost chuig statementofstrategy@welfare.ie
Is é an dáta deiridh chun aighneachtaí a fháil ná 5in, Dé hAoine 10 Feabhra 2023.