Suirbhé Náisiúnta um Eachtraí Sábháilteacht na nOthar 2022
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá suirbhé um eachtraí sábháilteacht na n-othar curtha ar bun ag an Roinn Sláinte.
Tá an suirbhé seo oscailte anois d’othair, do bhaill teaghlaigh, do ghrúpaí abhcóideachta, d'fhoirne cúram na sláinte, do sholáthraithe na seirbhísí agus don phobal.
Cabhróidh do chuid tuairimí agus do chuid taithí linn scrúdú, foghlaim agus feabhas a chur ar an gcaoi is féidir linn gearáin agus eachtraí sábháilteacht na n-othar i gcúram sláinte a bhainistiú. Tá dhá bhealach ar féidir leat páirt a ghlacadh sa taighde seo.
Cliceáil anseo chun an suirbhé a líonadh isteach.
Tá an suirbhé á riar ag Crowe, an comhlacht taighde atá ag obair ar an tionscadal seo. Tá an suirbhé seo anaithnid agus beidh sé ar oscailt go dtí 5in ar an 17 Meitheamh 2022.
B’fhéidir go mbeadh suim ag daoine áirithe páirt a ghlacadh in agallamh gutháin duine le duine chun tuilleadh sonraí a thabhairt faoina gcuid tuairimí agus faoina dtaithí ar eachtraí sábháilteacht na n-othar.
Líon isteach do shonraí teagmhála anseo más mian leat a bheith faoi agallamh.
Tar éis duit clárú, is féidir taighdeoir ó Crowe, an comhlacht atá ag obair ar an tionscadal seo, dul i dteagmháil leat. Tógfaidh an comhrá gutháin suas le 20 nóiméad.
Tabhair faoi deara nach bhfuil anseo ach léiriú spéise agus b’fhéidir nach nglaofaí ort do scéal a insint, ach táimid an-bhuíoch mar sin féin as do spéis sa tionscadal.
Is féidir an suirbhé agus an t-agallamh a úsáid chun eolas a thabhairt d’fhorbairt an Bheartais náisiúnta um Eachtraí Sábháilteacht na n-Othar.
Sé atá mar aidhm ag an taighde ná faisnéis a bhailiú ar na luachanna agus ar an gcultúr atá i gcúram sláinte maidir le heachtraí sábháilteacht na n-othar a bhainistiú.
Tá sé beartaithe tuilleadh taighde a dhéanamh ar bhainistiú na ngearán i gcúram na sláinte níos déanaí sa bhliain 2022.