Comhairliúchán Poiblí ar Dhréacht-Rialacháin do Sholáthróirí Seirbhísí Tacaíochta Baile
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán dúnta
Sheol an tAire Stáit um Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler TD, comhairliúchán poiblí ar dhréacht-rialacháin do Sholáthróirí Seirbhísí Tacaíochta Baile Leagtar amach sna rialacháin seo na híoscheanglais nach mór do sholáthraithe poiblí, príobháideacha agus neamhbhrabúis seirbhísí tacaíochta baile a chomhlíonadh chun ceadúnas a fháil chun oibriú.
Tá gealltanas sa Chlár don Rialtas agus sa Straitéis Forfheidhmithe Cúram Sláinte go dtabharfar isteach Scéim Tacaíochta Baile nua chun tacú le daoine cónaí ina dtithe féin, a sholáthróidh rochtain chothrom ar thacaíocht baile ardchaighdeáin, rialaithe.
Tá síneadh ama curtha leis an dáta deiridh aighneachta do Chomhairliúchán Poiblí na Roinne Sláinte ar Dhréacht-Rialacháin do Sholáthraithe Seirbhísí Tacaíochta Baile go 5:00pm Déardaoin 4 Lúnasa 2022. Is féidir leat do thuairimí a chur in iúl tríd an suirbhé ar líne thíos a chomhlánú.
Tá scéim reachtúil nua á forbairt ag an Roinn Sláinte do sheirbhísí tacaíochta baile. I mí Aibreáin 2021, cheadaigh an Rialtas Scéim Ghinearálta agus Cinn Bhille a dhréachtú chun creat ceadúnaithe a bhunú do sholáthraithe tacaíochta baile. Leagann na dréacht-rialacháin seo amach na híoscheanglais is gá chun ceadúnas a fháil. Is é an cuspóir a bheidh leis an gcóras ceadúnaithe a chinntiú go bhfuil seirbhísí tacaíochta baile ar ardchaighdeán comhsheasmhach chomh maith le cosaint a thabhairt d’úsáideoirí seirbhísí.
Bíonn tionchar ag rialú na seirbhísí Tacaíochta Baile ar raon leathan páirtithe leasmhara lena n-áirítear soláthraithe seirbhíse, úsáideoirí seirbhísí, oibrithe tacaíochta baile agus cúramóirí teaghlaigh. Is mian leis an Roinn Sláinte tuairimí na bpáirtithe leasmhara sin agus an phobail i gcoitinne a fháil. Beidh comhairliúchán poiblí ar na rialacháin ar oscailt ón Déardaoin 16 Meitheamh 2022.
Tá na dréacht-rialacháin ar fáil le léamh thíos. Tá leagan achomair i mBéarla simplí de na rialacháin ar fáil thíos, mar aon le liosta ceisteanna coitianta.
Draft Regulations for Providers of Home Support Services
Plain English Summary of Home-Support Regulations
Frequently Asked Questions on Regulations for Providers of Home Support Services
Tá achoimre Éasca Léamh ar na dréacht-rialacháin agus ar an modh comhairliúcháin ar fáil freisin.
Easy Read Summary of Draft Regulations
Comhlánaigh ár suirbhé ar líne atá ar fáil anseo le do thoil.
Tá doiciméad Ceisteanna Coitianta (FAQ) ar fáil anseo.
Tá doiciméad PDF ar fáil le híoslódáil anseo agus is féidir é a sheoladh ar ais chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas HSRConsultation@health.gov.ie nó trí sheoladh poist
Tá an suirbhé ar líne ar fáil ar fhóin chliste, deisce agus táibléad
Beidh an Líonra Rannpháirtíochta agus Comhairliúcháin um Míchumas (DPCN) ag reáchtáil dhá sheisiún faisnéise ar líne faoi na Rialacháin ar Déardaoin 4 Lúnasa 2022.
Cláraigh do spéis trí ríomhphost disabilityparticipation@gmail.com
Ullmhóidh an Foras Sláinte Poiblí don Roinn Sláinte tuarascáil ar thorthaí an chomhairliúcháin phoiblí. Foilseoidh an Roinn Sláinte tuarascáil chomhairliúcháin níos déanaí i mbliana. Cabhróidh do thuairimí le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an Reachtaíocht a rialaíonn Tacaíocht Baile.
Níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a chur san áireamh i d’aighneacht. Má chuirtear sonraí inaitheanta pearsanta san áireamh scriosfar iad. Tá gach aighneacht agus freagra suirbhé faoi réir a n-eisithe faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI) 2014 agus tá siad faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí freisin.
Is féidir Polasaí Príobháideachta na Roinne a fheiceáil anseo.
Chun an comhairliúchán a fheiceáil cliceáil ar an gcnaipe thíos.