Comhairliúchán Poiblí ar Sheirbhísí Poiblí
Ó An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán oscailte
Léirigh do thuairim féin!
Is spéis linn do chuid tuairimí i dtaca le haon seirbhísí poiblí/rialtais a úsáideann tú, ar líne nó ar shlí eile.
An bhfuil aon smaointe agat chun seirbhísí poiblí atá ann cheana a fheabhsú?
An bhfuil fáthanna ann nach n-úsaideann tú seirbhísí poiblí ar líne?
An bhfuil aon seirbhísí ann, dar leat, ar cheart iad a bheith ar fáil ar líne?
Má tá, rachaidh an comhairliúchán seo chun sochair duitse!
Is Ranna nó Oifigí Rialtais agus Údaráis Áitiúla (Comhairlí Cathrach agus Contae) a chuireann seirbhísí poiblí/rialtais ar fáil.
Féach gov.ie le haghaidh sonraí ar sheirbhísí rialtais.
Gabh caol díreach chuig an gcomhairliúchán anois nó léigh níos mó faoi thíos.
Foilsíodh Cónascadh Rialtais 2030: Straitéis Dhigiteach agus TFC do Sheirbhís Phoiblí na hÉireann i mí an Mhárta, 2022. Is é aidhm fhoriomlán na straitéise seirbhísí digiteacha rialtais a bheidh ar thús cadhnaíochta ar bhonn domhanda a chruthú.
Tá sé seo ag teacht freisin le huaillmhianta Straitéis Athnuachana na Státseirbhíse 2030. Ag an am céanna, déanfar an t-eispéireas as líne a fheabhsú dóibh sin nach mbíonn in ann rochtain a fháil ar sheirbhísí ar bhonn digiteach. Táimid ag dul i dteagmháil le heagraíochtaí ionadaíocha lena chinntiú go bhfaighimid tuairimí ó dhaoine a bhféadfadh sé nach mbeidís in ann a bheith rannpháirteach ar líne.
In áit toimhdí a bheadh déanta ag lucht soláthartha seirbhísí poiblí a chur i bhfeidhm, is mian linn dul i gcomhairle libhse , úsáideoirí na seirbhísí poiblí, chun tuiscint níos fearr a fháil ar bhur gcuid mianta agus roghnachas i leith seirbhísí digiteacha poiblí.
Bealaí le Bheith Rannpháirteach
Ba cheart aighneachtaí a chur isteach tríd an gceistneoir seo a chomhlánú. Tá roinnt ceisteanna leagtha amach againn atá le freagairt agat. Ní bhainfidh gach aon cheist leat – ní thaispeánfar roinnt ceisteanna ach amháin sa chás gur thug tú freagra ar leith ar an gceist roimpi. Tógfaidh sé 10 - 15 nóiméad leis na ceisteanna a fhreagairt.
Tá an comhairliúchán oscailte ón 22 Iúil 2022 agus tiocfaidh deireadh leis ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2022.
Go raibh maith agat as do rannpháirtíocht!
Cáipéisí Tacaíochta
Tá naisc chuig cáipéisí ábhartha sa rannán “Naisc úsáideacha” ar gach leathanach (nó, ar ghléas móibíleach, ón roghchlár) den chomhairliúchán.
Nótaí
Tá an comhairliúchán seo dírithe ar úsáideoirí aonair (nó ionadaithe leo) a dhéanann seirbhísí poiblí a rochtain ar bhonn aonair dóibh féin agus/nó dá dteaghlach. Tá sé dírithe freisin ar dhaoine ar mian leo seirbhísí poiblí a rochtain a bhainfeadh le gnólacht a bhunú.
Tá an comhairliúchán anaithnid, mar sin, iarrtar ort a chinntiú nach gcuireann tú isteach aon sonraí pearsanta a d’fhágfadh inaitheanta thú . Más mian leat, áfach, go ndéanfaí teagmháil leat le haghaidh comhrá féideartha leantach tráth níos faide anonn, tá deis ann seoladh ríomhphoist a chur ar fáil ag deireadh an cheistneora comhairliúcháin.
Cuideoidh an fhaisnéis linn a bhaileofar tríd an gcomhairliúchán seo, mar aon le faisnéis ó fhoinsí eile, an chaoi a gcuirfimid seirbhísí poiblí ar fáil ar líne amach anseo a phleanáil. D’fhéadfadh sé, mar sin de, go ndéanfaí í a chomhroinnt le heagraíochtaí seirbhísí poiblí eile. D’fhéadfadh sé freisin go dtiocfadh sí faoi réir a scaoilte faoi reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise.
Arna ullmhú ag:
Oifig Phríomh-Oifigeach Faisnéise an Rialtais
An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
Is fréamhshamhail í seo - cabhróidh d’aiseolas linn é a fheabhsú