Beidh an chéad creatlach an pholasaí náisiúnta eile do leanaí agus daoine óga in Éirinn ag cur leis na héachtaí atá bainte amach leis an dá straitéis a bhí ann roimhe seo: An Straitéis Náisiúnta um Leanaí – Ár Leanaí, a Saol,
a bhí i bhfeidhm idir 2000 agus 2010, agus Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile, Creatlach an pholasaí náisiúnta do leanaí agus do dhaoine óga, 2014-2020.
Chlúdaigh Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile gach duine idir 0-24 bliana d’aois agus leagadh amach ann Cúig Thoradh Náisiúnta atá á n-iarraidh againn do gach uile leanbh agus duine óg. Táthar chun cloí leis na torthaí seo sa chéad straitéis eile, eadhon, maidir le leanaí agus daoine óga, go bhfuil siad: