Réamhrá
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhunaigh an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 trí cinn de na cearta seo a leanas :
Cuireann na cearta seo ar chumas duine é rochtain a lorg ar fhaisnéis phearsanta a bhaineann leis, beag beann ar an uair ar bailíodh an fhaisnéis ar dtús. Ní féidir taifid neamhphearsanta a éileamh ach amháin sa chás gur cruthaíodh na taifid tar éis an 21 Aibreán 1998.
Conas iarraidh FOI a dhéanamh
Ba chóir iarraataí FOI a chur faoi bhráid i scríbhinn nó tríd an bpost nó ar ríomhphost chuig :
An tAonad Saorála Faisnéise
Seoladh: an tAonad Saorála Faisnéise, Pointe na Tríonóide, Sráid Laighean Theas, Baile Átha Cliath 2, D02 EF85
Uimhreacha Teileafóin: 076 106 4900
Ríomhphost: foi@drcd.gov.ie
________________________________________
Ba chóir go mbeadh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh le gach iarraidh
Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar láithreán gréasáin an FOI.
Rochtain ar fhaisnéis maidir leis an gcomhshaol
Tugann Rialacháin na gComhphobal Eorpach (AIE) 2007 cearta dlíthiúla dóibh siúd atá ag lorg faisnéise ó údaráis phoiblí faoin gcomhshaol.
Luaitear nach mór faisnéis maidir leis an gcomhshaol a shealbhaíonn údarás poiblí nó a shealbhaítear thar a cheann, a chur ar fáil d’aon duine ach é a iarraidh, faoi réir ag eisceachtaí áirithe.
Chun iarraidh AIE a dhéanamh ní mór d’iarratasóirí éileamh a chur faoi bhráid i scríbhinn nó tríd an bpost nó ar ríomhphost chuig:
An tAonad Saorála Faisnéise
Seoladh: an tAonad Saorála Faisnéise, Pointe na Tríonóide, Sráid Laighean Theas, Baile Átha Cliath 2, D02 EF85
Uimhreacha Teileafóin : 076 106 4900
Ríomhphost : foi@drcd.gov.ie
________________________________________
Mura mbíonn rochtain againn ar an bhfaisnéis atá á héileamh, cuirfimid d’iarraidh ar aghaidh chuig an údarás poiblí ábhartha nó tabharfaimid comhairle duit maidir leis an áit ar chóir duit an iarraidh a sheoladh. Cuirfear ar an eolas tú bealach amháin nó bealach eile.