Insítear duit sa Chairt Custaiméirí na leibhéil seirbhíse agus iompair ar féidir leat a bheith ag súil leo uainn.
Is féidir leat a bheith ag súil go ndéanfaimid an méid seo a leanas:
- inscne
- cine
- stádas pósta
- míchumas
- reiligiún
- aois
- gnéaschlaonadh
- stádas teaghlaigh
- duine de phobal an Lucht Siúil.
Uaireanta bíonn custaiméirí trína chéile nó cantalach agus iad ag labhairt linn ar an bhfón agus d'fhéadfadh iompar maslach a bheith mar thoradh air seo. Má tharlaíonn sé seo, iarrfaimid ar an gcustaiméir stop a chur leis an iompar maslach ionas gur féidir linn leanúint leis an nglao. Má leanann an t-iompar maslach, iarrfaimid ar an gcustaiméir glaoch ar ais nuair a bheidh rudaí níos suaimhní agus cuirfimid deireadh leis an nglaoch.
Is é Séamus Callagy ár nOifigeach Rochtana agus tá sé freagrach as cúnamh a sholáthar, a eagrú agus a chomhordú do chustaiméirí faoi mhíchumas atá ag iarraidh rochtain a fháil ar ár seirbhísí.
Má tá tú faoi mhíchumas, déan teagmháil leis an Oifigeach Rochtana má tá imní ort faoi conas rochtain a fháil ar ár seirbhísí. Bheimis sásta d'aiseolas a fháil ar an méid atá ag obair go maith nó ar an áit a bhféadfaimis seirbhísí a fheabhsú chun iad a dhéanamh níos inrochtana.
Cuirimid fáilte roimh d'aiseolas mar bhealach chun cabhrú linn ár seirbhísí a fheabhsú. Tá Grúpa Oibre maidir le Seirbhís do Chustaiméirí agus Foireann Léargais do Chustaiméirí againn a úsáidfidh d'aiseolas chun seirbhísí do chustaiméirí a fheabhsú. Is féidir leat difríocht a dhéanamh do dhaoine eile trí insint dúinn faoi d'eispéireas agus do thuairimí agus do mholtaí a thabhairt. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag customerservices@justice.ie .
Tá nós imeachta gearán againn más mian leat gearán a dhéanamh faoin gcaighdeán seirbhíse atá curtha ar fáil againn. Tá an córas éasca le húsáid. Is féidir leat an gearán a dhéanamh ar líne nó is féidir leat cóip pháipéir den nós imeachta gearán a iarraidh ar an bhfoireann.
Tá baill foirne againn ar fud na Roinne a bheidh sásta seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge. Más mian leat do ghnó a dhéanamh linn trí Ghaeilge, déanfaimid ár ndícheall a chinntiú go dtarlóidh sé sin.
Leagan Fuaime: An Roinn Dlí Agus Cirt: Cairt Custaiméirí Eatramhach
ISL