Ard-Oifigeach Logainmneacha
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá iarratais á lorg ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ó iarratasóirí oiriúnacha chun folúntais a d'fhéadfadh teacht chun cinn don phost Ard-Oifigeach Logainmneacha bunaithe i mBaile Átha Cliath, a líonadh.
Is cuid den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán é an Brainse Logainmneacha. Tugann an Brainse Logainmneacha faoi thaighde ar logainmneacha na hÉireann chun leaganacha údarásacha Gaeilge a chur ar fáil maidir leis na logainmneacha sin chun críocha oifigiúla agus d’úsáid an phobail. Cuireann sé tacaíocht ar fáil don Choiste Logainmneacha freisin. Is í an Ghaeilge teanga oibre an Bhrainse Logainmneacha.
Ba cheart d’iarratasóirí foirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach chuig
personnel@tcagsm.gov.ie faoin 3.00pm 11ú Feabhra 2022.
Déan an leabhrán faisnéise atá ceangailte leis seo a íoslódáil chun tuilleadh eolais a fháil maidir le hincháilitheacht agus riachtanais.
Leabhrán faisnéise d'iarrthóirí
Dá mba maith leat iarratas a dhéanamh ar phost an Ard-Oifigigh Logainmneacha, íoslódáil an fhoirm iarratais atá faoi iamh.
Nuair a bheidh an fhoirm comhlánaithe agat, is féidir í a sheoladh ar aghaidh ar ríomhphost chuig personnel@tcagsm.gov.ie
Ní mór gach iarratas a bheith faighte ag an Roinn tráth nach déanaí ná 3.00pm 11ú Feabhra 2022
Mura bhfuil tú ábalta cóip den fhoirm iarratais nó den leabhrán faisnéise a íoslódáil, seol iarraidh chuig an seoladh ríomhphoist thuas agus cuirfimid cóip chugat ar ríomhphost.
Ba chóir d'iarratasóirí a thabhairt ar aird go gcuirfear iarratasóirí a n-éireoidh leo san agallamh ar phainéal ónar féidir ceapacháin a dhéanamh de réir mar a thagann siad chun cinn.
Féach an ráiteas príobháideachais faoi iamh maidir le sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil i ndáil leis an gcomórtas seo.