Plean Éifeachtúlacht Acmhainne
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an roinn ina cuiditheoir agus ina gníomhaire díograiseach i bplean gníomhaíochta an Rialtais maidir leis an Athrú Aeráide. I gceann de na gníomhaíochtaí sin breathnaítear ar ár n-ídiú agus ár n-úsáid acmhainní.
Tá éifeachtúlacht acmhainní ag croílár ár n-iarrachtaí ar fad a chinntiú go mbainfimidne, mar eagraíocht na ndaoine ag a bhfuil cuspóir comhchoiteann, úsáid as fuinneamh, uisce agus acmhainní eile ar bhealach chomh éifeachtach agus is féidir. Tá sé beartaithe againn dramhaíl a laghdú agus a dhíothú, agus i gcás nach féidir é sin a dhéanamh athchúrsáil agus athúsáid a chinntiú.
Baineann caoga a trí ghníomhaíocht ar leith leis an bplean um Éifeachtúlacht Acmhainní don Roinn Oideachais agus don Roinn Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta araon. Braitheann sé ar dhaoine laistigh den dá Roinn le hathrú ar ár gcultúr agus ar ár gcleachtas a spreagadh.
D’éirigh linne mar eagraíocht ár n-ídiú fuinnimh a laghdú, bliain ar bhliain, trí chineálacha éagsúla feabhsuithe ar fhearais, iompar, soilsiú, agus próisis. Bhaineamar laghdú 28.3% amach ón mbonnlíne a socraíodh in 2009.
Is é ár bhfís éifeachtaí dearfacha comhshaoil a spreagadh trínár bplean um éifeachtúlacht acmhainní le haghaidh 2020-2021. Luafar ár ndul chun cinn i dtuarascálacha bliantúla amach anseo agus beidh sé ar fáil iontu.
Plean Gníomhaíochta um Éifeachtúlacht Acmhainní (REAP)