Poist mar Oifigigh Chléireachais Bhuana agus Shealadacha sa Roinn Oideachais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Oifigigh Chléireachais bhuana agus shealadacha araon á n-earcú ag an Roinn Oideachais anois dá hoifigí i mBaile Átha Luain agus i mbaile Ros Comáin.
Bíonn oifigigh chléireachais bainteach le réimse dualgas ginearálta riaracháin, lena n-áirítear sonraí a phróiseáil, párolla, scríobh agus comhdú. Mar Oifigeach Cléireachais, beidh tú ag obair mar chuid d’fhoireann chun seirbhísí poiblí tábhachtacha a chur ar fáil. Tá scileanna maithe ríomhaireachta agus cumarsáide ag teastáil don ról.
Cuirtear oiliúint shonrach maidir le ról poist ar fáil.
Beidh na téarmaí agus na coinníollacha, lena n-áirítear fad na gconarthaí sealadacha a thairgtear, éagsúil ó phost go post. Tá obair chumaiscthe oifigbhunaithe agus sa bhaile ar fáil i roinnt rólanna.
Tá cur síos iomlán ar an bpost mar aon leis na riachtanais ar fáil sa leabhrán thíos.
Is ar líne amháin a ghlacfar le hiarratais.
Chun iarratas a dhéanamh, cliceáil ar na naisc seo a leanas:
Is féidir leat iarratas a dhéanamh don dá chomórtas más mian leat.
Beidh saoráid na n-iarratas ar líne ar fáil go dtí an 3 Feabhra 2023, 3pm.
Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.