Ceapacháin ar Bhoird Stáit faoi choimirce na Roinne Sláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mar chuid den dea-rialachas agus den dea-chuntasacht, ceapann an chuid is mó de na comhlachtaí comhaltaí an bhoird chun maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an chomhlachta sin. Is mar sin atá sé i gcás comhlachtaí stáit chomh maith.
Tá roinnt comhlachtaí stáit ann a thagann faoi choimirce na Roinne Sláinte. Is é an tAire Sláinte a dhéanann na comhaltaí ar go leor de na bhoird sna comhlachtaí stáit sin a cheapadh agus a ainmniú. Boird stáit a thugtar orthu.
Má tá suim agat a bheith i do chomhalta de chuid bhord stáit, lena n-áirítear cheann atá faoi choimirce na roinne seo, is féidir leat an spéis atá agat ann a chlárú ar shuíomh gréasáin na mBord Stáit .
Ní mór don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí gach uile fholúntas ar bhord stáit a bhfuil cearta ainmniúcháin ag an Aire ina leith a fhógairt ar an suíomh gréasáin Boird Stáit.
Féadfar roinnt folúntas a bheith ann nach mór iad a líonadh trí phróiseas ar leith, sa chás go bhfuil saineolas ag teastáil i réimse ar leith, mar shampla, nó sa chás go bhfuil ball á athcheapadh ar an mbonn gur léirigh siad a gcumas feidhmiú go héifeachtach agus chun an leanúnachas ar an bhord a chinntiú.
Nuair a fhógraítear folúntais, breithneofar gach aon iarratas a fhaightear faoi réir an méid atá leagtha amach thuas.
Agus aon cheapacháin bhoird á ndéanamh aige, ní gá go mbeidh an tAire teoranta dóibh siúd a dhéanann léirithe spéise den sórt sin ach cinnteoidh sé go mbeidh na cáilíochtaí ábhartha do na poist ag gach duine a cheapfar. Maidir leis sin, tabharfaidh an tAire aird ar an gcomhlacht nó ar an ngníomhaireacht atá i gceist agus ar an réimse freagrachta ar leith atá i gceist, agus déanfaidh sé cinnte de chomh maith go mbeidh an meascán iomchuí scileanna agus taithí ag na comhaltaí ar an mbord i gceist i réimsí dála an rialachais chorparáidigh, an tsaineolais dlí agus airgeadais (go háirithe i dtaca leis an gcumas iniúchta agus measúnaithe tionscadail araon).
Is féidir leis an tAire cinneadh a dhéanamh ó am go ham freisin gan na folúntais go léir atá ann a líonadh.
Féadfar do chomhaltaí bhoird stáit a bheith i dteideal luach saothair agus aisíocaíocht araon a fháil as costais a thabhaítear agus iad ag comhlíonadh a gcuid dualgas. Leis an bPrionsabal Aon Duine Amháin, Aon Tuarastal Amháin, tá cosc curtha ar gach uile sheirbhíseach poiblí gan a bheith in ann táillí a fháil
Tá na fógraí reatha maidir le folúntais ar fáil ar líne.
Cliceáil ar aon cheann de na boird stáit ag an nasc ag seo thíos chun faisnéis a fháil fúthu, lena n-áirítear a gcomhaltaí, an tráth ar ceapadh iad agus an tráth a rachaidh a gceapacháin in éag, chomh maith leis an gcomhlacht ainmniúcháin.
Tá tuilleadh eolais le fáil faoi ceapacháin ar bhoird stáit atá faoi choimirce na roinne.