Tá foráil déanta san Acht um Shaoráil Faisnéise (SF) go bhfuil na cearta dlíthiúla seo a leanas ag gach uile dhuine ón 21 Aibreán 1998 amach:
Mar gheall ar na cearta seo, fágtar gur féidir le daoine, ón 21 Aibreán 1998 ar aghaidh, rochtain a lorg ar fhaisnéis phearsanta fúthu atá á coinneáil, is cuma cathain a cruthaíodh an fhaisnéis, agus ar thaifid eile ar cruthaíodh iad tar éis an 21 Aibreán 1998.
I mí Dheireadh Fómhair, 2014, rinneadh an SF a leathnú amach ionas go gclúdaítear raon de chomhlachtaí poiblí eile, lena n-áirítear comhlachtaí a fhaigheann maoiniú ón Stát agus ó chomhlachtaí leath-Stáit eile.
Tá Scéim um Fhoilsiú Saorála Faisnéise ullmhaithe ag an roinn ina bhfuil raon faisnéise faoin roinn agus faoin obair a dhéantar inti le fáil.
Foilsiú an Log um SF Ráithiúil
Foilsíonn an Roinn Sláinte liosta d’iarrataí neamhphearsanta um Shaoráil Faisnéise ar eisíodh taifid ina leith uair sa ráithe.
Tá foilsiú an Loga SF seo ar cheann de roinnt beart atá dírithe ar an thrédhearcacht a chur chun cinn tríd an fhaisnéis a fhoilsiú go rialta.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi seo a iarraidh ach teagmháil a dhéanamh leis an Aonad um Shaoráil Faisnéise le r-phost: [r-phost foi@health.gov.ie ] nó ar ghlao teileafóin: (01) 635 4199.
Leis an Acht, ceanglaítear ar chomhlachtaí poiblí freagra a thabhairt ar iarratais a fhaightear ón bpobal i dtaca le faisnéis atá á choimeád acu. I bhformhór na gcásanna, ní mór don chomhlacht poiblí a chinneadh a dhéanamh ar iarraidh laistigh de 4 seachtaine tar éis dó é a bheith faighte aige.
Sainmhínítear seachtain san Acht mar 5 lá i rith na seachtaine as a chéile gan an Satharn agus laethanta saoire poiblí a áireamh.
Tá an Domhnach eisiata freisin toisc nach lá i rith na seachtaine atá ann.
Chun iarraidh a dhéanamh ar faisnéis faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, líon isteach an fhoirm iarratais atá le fáil ag bun an leathanaigh seo.
Má theastaíonn faisnéis i bhfoirm ar leith uait (fótachóip, nó diosca ríomhaire, mar shampla), ba cheart é sin a lua go sonrach san iarratas.
Ba cheart go mbeadh na hiarrataí chomh sonrach agus is féidir ionas gur féidir déanamh amach cad é an fhaisnéis atá á hiarraidh. Déan iarracht, le do thoil, an tréimhse ama atá bainteach leis na taifid a bhfuil tú ag iarraidh rochtain orthu a chur in iúl, taifid a cruthaíodh idir Bealtaine 2015 agus Nollaig 2015, mar shampla.
Chomh maith leis sin, más féidir, déan iarracht na rannóga sa roinn a shonrú a bheadh ábhartha le d’iarratas, i do thuairim féin.
Cuir an fhoirm iarratais isteach, agus é comhlánaithe, chuig:
Níl aon táille le híoc chun iarraidh a dhéanamh faoin tSaoráil Faisnéise.
Is beag seans go ngearrfar aon táillí i leith taifid phearsanta, ach amháin sa chás go bhfuil líon mór taifead i gceist. Cuimsítear le hiarratais ar fhaisnéis phearsanta aon fhaisnéis a bhaineann le do leanaí nó a bhaineann le daoine nach bhfuil fós beo.
Beidh orainn an fhaisnéis atá á hiarraidh agat a fhíorú roimh ré.
I gcás iarrataí neamhphearsanta, féadfar muirir a ghearradh as an am a chaitear ag lorg taifead agus ar aon chostais atáirgthe a thabhaítear ar an roinn chun an t-ábhar atá á iarraidh a chur ar fáil duit sa chás
gur mó an costas iomlán sin ná €100. Nuair a sháraítear an íos-tairseach seo (arb ionann é agus 5 uair an chloig saor in aisce), gearrfar ráta €20 in aghaidh na huair ar an méid iomlán ama a chaitear.
Is gnách go mbaineann uasteorainn €500 le táillí den sórt sin ach sa chás gur mó an costas cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála ná €700, féadfar an iarraidh a dhiúltú mura ndéantar raon cuardaigh na hiarrata a chúngú.
Cuardach agus aisghabháil | €20 an uair |
Muirir chóipeála | € 0.04 in aghaidh an leathanaigh |
Dlúthdhiosca | €10 |
Radagraf | €6 |
Tagann na taifid seo a leanas faoi raon feidhme an Achta um Shaoráil Faisnéise:
Ionas gur féidir gnó rialtais a sheoladh i gceart, beidh sé riachtanach díolúint gan chineálacha áirithe faisnéise a scaoileadh i gcúinsí áirithe, uaireanta. Tá na cineálacha sin leagtha amach san Acht.
I measc na bpríomh-dhíolúintí, tá taifid a bhaineann le:
Faoin Acht, ní mór iarraidh ar thaifid a admháil laistigh de choicís agus, i bhformhór na gcásanna, freagra a thabhairt uirthi laistigh de 4 seachtaine. Sainmhínítear seachtain san Acht mar 5 lá i rith na seachtaine as a chéile gan an Satharn agus laethanta saoire poiblí a áireamh.
Tá an Domhnach eisiata freisin toisc nach áirítear é mar lá i rith na seachtaine.
Má tá tríú páirtí bainteach leis, féadfar tréimhse bhreise trí seachtaine eile a bheith ann sula dtabharfar freagra.
Má tá tú míshásta leis an fhreagra a bhfaigheann tú ón roinn, is féidir leat iarracht a dhéanamh go ndéanfaidh ball foirne níos sinsearaí sa roinn an cinneadh a athscrúdú. Ba chóir iarratais ar athbhreithniú ar chinneadh, mar aon le táille €30, nó táille laghdaithe de €10 i gcás sealbhóirí cárta leighis, a chur isteach chuig:
Nóta: Ní bhaineann na táillí seo ach amháin le hiarratais neamhphearsanta.
Más rud go bhfuil tú fós míshásta leis an gcinneadh, tá sé de cheart agat an cinneadh a chur chuig an Coimisinéir Faisnéise le go ndéanfar achomharc ar an gcinneadh. Ba chóir na hiarratais, agus an táille iomchuí (€50, nó táille laghdaithe de €15 i gcás sealbhóirí cárta leighis) in éineacht leo, a chur ar aghaidh go díreach chuig an seoladh seo a leanas:
Má tá aon chabhair ag teastáil uait, beidh foireann an Aonaid um Shaoráil Faisnéise sásta cabhrú leat.
Tá an t-aonad ar fáil freisin chun cúnamh a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas chun a gcearta a fheidhmiú faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (mar shampla, glactar le hiarrataí ó bhéal ó iarratasóirí nach bhfuil in ann léamh, priontáil ná scríobh mar gheall ar míchumas a bheith orthu, rud a chuireann ar chumas an iarratasóra iniúchadh a dhéanamh ar thaifid nó míniúchán a fháil ó dhuine fúthu).
Is féidir dul i dteagmháil leis an Aonad ag: