Cairt Chustaiméirí na Roinne Sláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é ról reachtúil na roinne ná tacaíocht a thabhairt don Aire chun beartais a cheapadh do na seirbhísí sláinte, agus chun na beartais sin a mheasúnú.
Tá sé ar cheann de na cuspóirí atá againn seirbhís ardchaighdeáin a sholáthar.
Cuirfimid seirbhís do chustaiméirí ardchaighdeáin ar fáil duit ar bhealach atá éifeachtach cúirtéiseach. Táimid tiomanta do Phrionsabail na Seirbhíse do Chustaiméirí Ardchaighdeáin faoi mar atá siad formheasta ag an Rialtas.
Cuirfimid faisnéis thráthúil, chruinn ar fáil ar ár suíomh gréasáin, ag ár nDeasc Seirbhíse do Chustaiméirí agus sna réimsí éagsúla ar leith.
Sa chás nach féidir linn an fhaisnéis nó an tseirbhís a theastaíonn uait a chur ar fáil, beidh sé mar aidhm againn tú a threorú chuig an ngníomhaireacht chuí.
Beimid ag déileáil leat ar bhealach cóir agus oscailte de réir an Achta um Stádas Comhionann 2000. Beidh sé mar aidhm againn aghaidh a thabhairt ar riachtanais grúpaí custaiméirí áirithe agus an beartas á cheapadh againn.
Oibreoimid le ranna agus le gníomhaireachtaí rialtais eile chun ár seirbhísí a chomhordú agus iad á gcur ar fáil duit.
Déanfaidh an Roinn gach iarracht chun freastal ar dhaoine ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí mheánna Gaeilge.
Beidh na comharthaí inár n-oifigí poiblí curtha suas i nGaeilge agus i mBéarla araon. Déanfaimid iarracht seirbhís a sholáthar trí theanga chomharthaíochta agus teangacha eile nuair is féidir.
Má tá tú míshásta le haon ghné dár seirbhís cuir ar an eolas muid faoi, agus déanfaimid iarracht an fhadhb a réiteach. Tá nósanna imeachta oifigiúla againn le haghaidh gearán agus achomharc.
Nós Imeachta um Ghearáin ó Chustaiméirí
Seoladh
An Roinn Sláinte,
Bloc 1, Miesian Plaza,
50 - 58 Sráid Baggot Íochtarach,
D02 XW14
R-phost: customerservices@health.gov.ie
Is féidir leat gearáin a tharchur chuig an Ombudsman chomh maith, más mian leat.
Cuir in iúl dúinn cad é do bharúil faoin tseirbhís a chuirimid ar fáil, ach do thuairimí, barúlacha agus moltaí a chur isteach chugainn. Déanfaimid ár ndícheall i gcónaí an t-aiseolas seo a úsáid chun cabhrú linn an tseirbhís is fearr is féidir a sholáthar don chustaiméir.
Más rud é go raibh sásta leis an tseirbhís a cuireadh ar fáil duit, abair é sin linn. Is deas an rud é é sin a chloisteáil i gcónaí.
Déan teagmháil linn ag:
Níl an doiciméad seo ceangailteach ó thaobh dlí de.