Acht na dTeangacha Oifigiúla
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Síníodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina dhlí an 14 Iúil 2003. Is é bunchuspóir an Achta ná á chinntiú go mbeidh níos mó seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil ón tseirbhís phoiblí agus go mbeidh siad ar chaighdeán níos airde. Bainfear é seo amach go príomha trí dhualgas a chur ar Ranna Stáit agus ar chomhlachtaí poiblí a leithéid de sheirbhísí a sholáthar trí chreat pleanála reachtúil ar a dtugtar "scéim".
Tá an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia tiomanta do sheirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil chomh fada agus is féidir dár gcustaiméirí ar mian leo gnó a dhéanamh léi trí mheán na Gaeilge. Leagann Scéim na Roinne amach an chaoi ina bhfuil sí ag déanamh forbairt de réir a chéile ar na seirbhísí a chuireann sí ar fáil do chustaiméirí trí Ghaeilge.