An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo.
Eolas Fúinn
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Is tairseach lárnach é an láithreán gréasáin seo le haghaidh sheirbhísí rialtais ar líne, a ligeann do shaoránaigh gach seirbhís rialtais a chuardach agus a aimsiú ar aon bhealach amháin atá áisiúil. Tá seirbhísí comhlánaithe ón earnáil phoiblí go léir, agus bítear i gcónaí ag cur seirbhísí nua leis. Má tá seirbhísí ar iarraidh, ná bíodh leisce orainn teagmháil a dhéanamh linn.
Ceann de phríomhaidhmeanna na tairsí ná béim a chur ar sholáthar seirbhísí nuálacha digiteacha do shaoránaigh agus ghnóthais agus iad a chur chun cinn. Meastar gur bealach maith é an tairseach chun cur le próifíl na seirbhísí digiteacha atá á tairiscint ag an rialtas, feasacht a ardú agus rochtain níos fearr ar na seirbhísí sin a éascú.
Seoladh Straitéis TFC na Seirbhíse Poiblí i mí Eanáir 2015. Tá cúig phríomhsprioc straitéiseach ag baint leis an straitéis agus ceann amháin díobh ná “Digiteach Chun Tosaigh”. Sonraítear inti:
“Digitiú ar phríomhsheirbhísí idirbhirt agus méadú ar úsáid TFC chun go mbeadh Comhlachtaí Poiblí níos éifeachtaí agus seirbhísí digiteacha nua a chur ar fáil do shaoránaigh, ghnóthais agus státseirbhísigh.”
Forbraíodh an tairseach sin i gcomhréir leis na gealltanais atá cuimsithe i Straitéis TFC na Seirbhíse Poiblí.