Eolas faoi Bheartais
Ó Healthy Ireland ga; An Roinn Sláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Healthy Ireland ga; An Roinn Sláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Seoladh an Creat Éire Shláintiúil in 2013 agus déantar cur síos ann ar cheithre phríomhaidhm le haghaidh feabhas a chur ar shláinte agus folláine:
Leis an bPlean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Choirp, cruthaítear níos mó deiseanna do dhaoine chun go mbeidh siad gníomhach ar bhealaí a oireann dá saol laethúil agus do riachtanais, cúinsí agus spéiseanna daoine aonair.
Déantar é sin ar na bealaí seo a leanas:
Tá sé seanbhunaithe anois gur fadhb shuntasach é murtall agus rómheáchan in Éirinn. Tá cuir chuige ilghníomhaireachtaí, il-leibhéal agus comhordaithe ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb chasta sin.
Tá sé mar aidhm ag Beartas agus Plean Gníomhaíochta na hÉireann maidir le Murtall treochtaí murtaill a chasadh thart agus laghdú a dhéanamh ar an ualach iomlán ar dhaoine aonair, teaghlaigh, an córas sláinte agus an tsochaí agus an geilleagar i gcoitinne.
Is é caitheamh tobac an chúis is mó le bás inchoiscthe in Éirinn. Faigheann 5,500 duine ar a laghad bás mar gheall ar úsáid tobac in Éirinn gach bliain.
Seoladh an straitéis Éire atá Saor ó Thobac i nDeireadh Fómhair 2013. Leagtar amach inti sprioc go mbeidh ráta caite tobac níos lú ná 5% in Éirinn faoi 2025, agus beidh an tír ina sochaí saor ó thobac, a bheag nó a mhór.
Imríonn alcól tionchar ar do cholainn agus d'inchinn, méadaíonn sé go leor rioscaí sláinte agus is féidir leis damáiste a dhéanamh do do shláinte intinne.
Ní hamháin go mbíonn tionchar ag mí-úsáid alcóil agus pátrúin dhochracha an óil ar shláinte na ndaoine a ólann an iomarca, ach déanann siad dochar do theaghlaigh agus don tsochaí i gcoitinne chomh maith.
Is creat straitéiseach maidir le sláinte agus folláine ghnéis mhuintir na hÉireann é An Straitéis Náisiúnta Sláinte Gnéis 2015 – 2020.
Is í fís na Straitéise sin go mbeidh sláinte agus folláine ghnéis mhaith ag gach duine in Éirinn agus go mbeidh rochtain acu ar fhaisnéis, oideachas agus seirbhísí ar ardchaighdeán.
Glacann an straitéis le cur chuige cúrsa saoil i leith sláinte ghnéis, cur chuige a aithníonn an tábhacht a bhaineann le gnéasacht shláintiúil a fhorbairt le linn an óige agus na hógántachta, agus a dhéanann forbairt ar an mbunchloch sin chun go mbeidh sláinte agus folláine ghnéis ag daoine le linn na haosachta agus nuair atá siad níos sine.
Is é ailse chraicinn an cineál ailse is coitianta in Éirinn. Diagnóisítear os cionn 11,000 cás ailse craicinn gach bliain. Tá an líon sin dhá uair níos mó ná an líon a bhí ann 10 mbliana ó shin agus táthar ag súil leis go méadóidh sé faoi dhó arís faoi 2043. Ach is féidir cosc a chur leis an gcuid is mó d'ailsí craicinn.
Is cuid de shuirbhé aghaidh ar aghaidh a riarann agallóirí, arna choimisiúnú ag an Roinn Sláinte, é an Suirbhé Éire Shláintiúil. Is cuid den Chreat Éire Shláintiúil 2019-2025 é, creat a cheaptar chun feabhas a chur ar shláinte agus folláine na ndaoine a chónaíonn in Éirinn.
Is iad cuspóirí an tsuirbhé sin:
Forbraíodh an Creat Torthaí Éire Shláintiúil chun monatóireacht a dhéanamh ar spriocanna agus táscairí feidhmíochta Éire Shláintiúil, agus chun iad a chur chun cinn.
Tá an Creat Torthaí bunaithe ar shamhail choincheapúil sláinte agus folláine a thugann le chéile stádas sláinte, torthaí sláinte agus cinntithigh sláinte agus folláine ar fud an tsaoil.
Is fréamhshamhail í seo - cabhróidh d’aiseolas linn é a fheabhsú