Íomha: WHT Banner ga

Tascfhórsa Shláinte na mBan

I Meán Fómhair 2019, bhunaigh an Roinn Sláinte Tascfhórsa Shláinte na mBan chun torthaí agus eispéiris shláinte na mban ar chúram sláinte a fheabhsú.

Bunaíodh an Tascfhórsa chun torthaí agus eispéiris shláinte na mban ar chúram sláinte a fheabhsú, trí chur leis an dul chun cinn a rinneadh le déanaí i ndáil le sláinte na mban, agus i ndiaidh moladh a rinneadh san Fhiosrúchán Scóipe ar an gClár Scagthástála Cervical Check cinneadh gur cheart aird níos comhsheasmhaí, níos saineolaí agus níos tiomanta, a dhíriú ar cheisteanna a bhaineann le sláinte na mban.

Chruthaigh an Tascfhórsa deis tionscnaimh reatha agus nua a thabhairt le chéile i gclár comhtháite sláinte na mban. Is fóram é an Tascfhórsa freisin chun gealltanais na Roinne faoin Straitéis Náisiúnta do Mhná agus do Chailíní a chur chun cinn faoi stiúir na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige.

Tá “ceapadh beartais oscailte” samhaltaithe ag an Tascfhórsa, é ag obair ar bhealach comhoibríoch a chuimsíonn lucht déanta beartas, cliniceoirí, comhpháirtithe idirnáisiúnta, pléadálaithe, saineolaithe sláinte agus guthanna ban trí cheardlanna, taighde agus for-rochtain.

D'éist, phléigh agus d’oibrigh an Tascfhórsa le breis is 2,000 duine aonair agus eagraíocht a dhéanann ionadaíocht thar ceann na mbean ar fud na tíre.

Bhí na hionchuir seo ina mbonn eolais do Phlean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan 2022-2023

Ballraíocht

Tá Stiúrthóir na hInstitiúide Eorpaí um Shláinte na mBan (EIWH), Peggy Maguire, ina cathaoirleach ar an Tascfhórsa, chomh maith le breis is 30 comhalta ó gach céim agus rannán laistigh den Roinn Sláinte.

I measc na mball tá:

  • FSS tríd an gClár Náisiúnta um Shláinte na mBan agus na Naíonán (NWIHP)
  • DCEDIY mar phríomh-Roinn um an Straitéise Náisiúnta do Mhná agus do Chailíní
  • Coláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann (ICGP)
  • An Institiúid um Shláinte Phoiblí (IPH)
  • Guth tacaíochta Chomhairle Náisiúnta na mBan (NWC)

Éisteacht Radacach

Rinne an Tascfhórsa cleachtadh Éisteachta Radacaí chun glórtha na mban faoina sláinte a chloisteáil, chun a ndearcthaí ar shláinte agus folláine agus conas a múnlaíodh na dearcthaí sin a thuiscint, agus chun tuiscint a fháil ar na fórsaí a mhúnlaíonn torthaí sláinte do mhná.

Agus iad á stiúradh ag taighdeoirí neamhspleácha, ghlac breis agus 270 bean páirt sa phléanna seo ó gach cearn d’Éirinn. Léiríonn mná roinnt eispéiris dhearfacha ach leagann siad béim freisin ar shaincheisteanna tábhachtacha ar mian leo feabhas a fheiceáil go háirithe maidir le heolas, meas agus rochtain.

Foilsíodh tuarascáil ar an gcleachtadh ‘éisteachta radacaí ’ Dé Máirt an 14 Meán Fómhair. [Nasc]

An Ciste um Shláinte na mBan

Chruthaigh Buiséad 2021 ciste tiomnaithe ilbhliantúil €5 milliún um Sláinte na mBan chun clár gníomhaíochtaí a eascróidh as obair an Tascfhórsa a chur i bhfeidhm. Déantar cláir thosaíochta um shláinte na mban a athbhreithniú agus a nuashonrú go rialta mar chuid de phróiseas pleanála gníomhaíochta. I measc na ngníomhaíochtaí maoinithe go dtí seo tá sainchlinic meanapáis san Ospidéal Náisiúnta Máithreachais, dhá chlinic gínéiceolaíochta shiúlacha, agus soláthar seirbhíse breisithe i réimsí amhail inmheatróis, meabhairshláinte imbhreithe agus ionad speisialtóra um sheirbhísí gínéiceolaíochta péidiatracha agus ógánta.

Bhí gealltanas i mBuiséad 2022 go ndéanfaí €5 mhilliún sa bhreis a infheistiú i gCiste um Shláinte na mBan chun cineálacha cur chuige nuálaíocha nua a mhaoiniú ar fud na tíre. Cruthaíonn sé seo an bonn do chlár gníomhaíochta lánmhaoinithe um Shláinte na mBan in 2022. Agus é tacaithe ag an bhfianaise atá ar fáil agus ón rannpháirtíocht le mná ar fud na tíre, príomhpháirtithe leasmhara, cliniceoirí, agus pléadálaithe ar son shláinte na mban, tá leagtha amach sa phlean gníomhaíochta na bearta is gá chun dul i ngleic le raon leathan. saincheisteanna a théann i bhfeidhm ar shláinte na mban in Éirinn maidir le torthaí.

Comhairliúchán don Leathanach Gréasáin

Tá sé mar aidhm ag an Tascfhórsa a bheith oscailte, uilechuimsitheach agus trédhearcach ag gach céim dá chuid oibre.

Thugamar deis daoibh bhur dtuairimí a thabhairt maidir le conas is féidir sláinte cailíní agus ban a fheabhsú. Go raibh maith agaibh as breis is 500 freagra a sheoladh chugainn. Tá achoimre roinnte leis an Tascfhórsa agus ar fáil anseo thíos:

Íomha: WHT Have Your Say Slide

Nuacht Sheachtainiúil Shláinte na mBan

Tá cuireadh tugtha ag an Tascfhórsa do raon saineolaithe cur i láthair a dhéanamh.

Deis ba ea an fóram seo éisteacht le fianaise, eispéireas agus smaointe saineolaithe agus lucht tacaíochta chun cabhrú linn ár gcuspóir a chomhlíonadh. D’éascaigh an Fóram plé agus díospóireacht a bhí mar bhonn lenár ndearcthaí a fhorbairt agus cur leis an léargas atá againn ar cheisteanna a mbaineann tábhacht leo i ndáil le sláinte na mban. Roinn na láithreoirí eolas agus smaointe maidir le hábhair chomh héagsúil le hinmheatróis, mná faoi mhíchumas ag dul in aois agus seirbhísí andúile.

Má tá taighde, fianaise nó dearcthaí agat ar ghnéithe de shláinte na mban a mbeifeá sásta a roinnt, seol d’ainm, do sheoladh agus cur síos gairid ar do chuid oibre chuig womenshealthtaskforce@health.gov.ie

Rianaigh obair an Tascfhórsa

Coinneoimid thú ar an eolas faoi fhorbairtí trínár gcainéil mheán sóisialta (@RoinnSlainte) agus tríd an leathanach Gréasáin seo.

Lean #womenshealthIRL ar gach cainéal meán sóisialta chun an t-eolas is deireanaí a fháil go rialta ó na comhaltaí uile den Tascfhórsa.

Cuirfear tuairiscí rialta ón Tascfhórsa ar fáil anseo.

Pdf

Women's Health Taskforce Fourteenth Meeting Output Pack

Íosluchtaigh nasc le haghaidh Íoslódáil
féachaint ar an gcomhad Amharc
Pdf

Women's Health Taskforce Thirteenth Meeting Output Pack

Íosluchtaigh nasc le haghaidh Íoslódáil
féachaint ar an gcomhad Amharc
Pdf

Women's Health Taskforce Twelfth Meeting Output Pack

Íosluchtaigh nasc le haghaidh Íoslódáil
féachaint ar an gcomhad Amharc
Pdf

Women's Health Taskforce Eleventh Meeting Output Pack

Íosluchtaigh nasc le haghaidh Íoslódáil
féachaint ar an gcomhad Amharc
Pdf

Women's Health Taskforce Tenth Meeting Output Pack

Íosluchtaigh nasc le haghaidh Íoslódáil
féachaint ar an gcomhad Amharc
Pdf

Women's Health Taskforce Ninth Meeting Output Pack

Íosluchtaigh nasc le haghaidh Íoslódáil
féachaint ar an gcomhad Amharc
Pdf

Women's Health Taskforce Eighth Meeting Output Pack

Íosluchtaigh nasc le haghaidh Íoslódáil
féachaint ar an gcomhad Amharc
Pdf

Women's Health Taskforce Seventh Meeting Output Pack

Íosluchtaigh nasc le haghaidh Íoslódáil
féachaint ar an gcomhad Amharc
Pdf

Women's Health Taskforce Sixth Meeting Output Pack

Íosluchtaigh nasc le haghaidh Íoslódáil
féachaint ar an gcomhad Amharc
Pdf

Women's Health Taskforce Fifth Meeting Output Pack

Íosluchtaigh nasc le haghaidh Íoslódáil
féachaint ar an gcomhad Amharc
Pdf

Women's Health Taskforce Fourth Meeting Output Pack

Íosluchtaigh nasc le haghaidh Íoslódáil
féachaint ar an gcomhad Amharc
Pdf

Women's Health Taskforce Third Meeting 10th December 2020

Women's Health Taskforce third meeting output pack

Íosluchtaigh nasc le haghaidh Íoslódáil
féachaint ar an gcomhad Amharc
File

Women's Health Taskforce second meeting output pack ga

Íosluchtaigh nasc le haghaidh Íoslódáil
File

Women's Health Taskforce Meeting 26th September 2019 ga

Íosluchtaigh nasc le haghaidh Íoslódáil

Foghlaim níos mó

Coinnigh i dTeagmháil

Na Meáin Shóisialta: #womenshealthIRL