Íomha: Éire Dhomhanda

Éire Dhomhanda 2025

Tionscnamh ilbhliantúil uile-rialtais é Éire Dhomhanda 2025 a seoladh i mí an Mheithimh 2018 chun raon agus tionchar lorg na hÉireann ar fud an domhain a dhúbailt faoi 2025. Is é Éire Dhomhanda 2025 an beart athnuachana agus leathnaithe is uaillmhianaí ar tugadh faoi riamh maidir le lorg na hÉireann go hidirnáisiúnta i ndáil le taidhleoireacht, cultúr, gnó, cúnamh thar sáile, turasóireacht agus trádáil.

Treisítear le hiarrachtaí margaí easpórtála, infheistíocht isteach agus turasóireacht a fhorbairt agus leathnú. Cinntítear Éire a bheith i riocht maith na comhaontais a fhorbairt atá riachtanach chun leas na tíre a chur chun cinn agus tionchar na tíre san AE a threisiú. Déantar fónamh maidir le caidreamh dlúth tairbheach na tíre leis an Ríocht Aontaithe agus le comhchodanna na Ríochta Aontaithe a dhaingniú san am atá le theacht.

Ar an leibhéal domhanda, cuirtear ar son inniúlacht na tíre cuspóirí an bheartais eachtraigh a bhaint amach agus éilítear sin mar aidhm ag an tír. Áirítear ar na cuspóirí sin forbairt idirnáisiúnta, síocháin, dí-armáil agus slándáil, an tráth céanna, a gcuirtear dlús le caidreamh na hÉireann leis an diaspóra 70 milliún duine agus a gcuirtear cultúr agus oidhreacht shaibhir na hÉireann i láthair do lucht spéise níos forleithne.

Leanfar le cur chuige Fhoireann na hÉireann thar lear agus beidh dearcadh domhanda in Éirinn bunriachtanach maidir le leas na hÉireann agus le cuspóirí na tíre a bhaint amach san am atá le teacht.

An dul chun cinn go dtí seo

Ó seoladh an straitéis sa bhliain 2018, foilsíodh dhá thuarascáil ar an dul chun cinn maidir lena bhfuil bainte amach faoin straitéis: an chéad tuarascáil i mí Meitheamh 2019; agus an dara ceann i mí an Mhárta 2021. Tá nasc leis na tuarascálacha sin, chomh maith le nasc leis an mbuncháipéis straitéise ar fáil ag bun an leathanaigh.

Cuireadh tús i 2022 le hathbhreithniú ar an Straitéis d’fhonn machnamh a dhéanamh ar na cuspóirí a leagadh amach sa bhliain 2018 agus cibé an bhfuil tairbhe leo feasta i bhfianaise athrú ar an timpeallacht idirnáisiúnta.

Tá an t-athbhreithniú sin tugtha chun críche faoi seo. Is é toradh a bhí air go meastar tairbhe leis an Straitéis a leagadh amach sa bhliain 2018 agus ón dul chun cinn maidir lena cur i bhfeidhm. Chuir an straitéis Éire i riocht níos tréine go forghinearálta chun na dúshláin seismice le blianta beaga anuas a sheasamh. I rith na mblianta ó seoladh Éire Dhomhanda, rinne an straitéis éascú ar dhul chun cinn maidir le gnéithe uile chaidreamh idirnáisiúnta na hÉireann.

Le súil chun cinn, tá roinnt cuspóirí nua tugtha chun suntais ag an Rialtas maidir leis an tréimhse go deireadh na bliana 2025 nuair a thiocfaidh deireadh le ré na straitéise.

Cuspóirí Nua

  • Leanúint den leathnú ar líonra Mhisin Taidhleoireachta na hÉireann agus misin nua a oscailt i Milano, München agus Islamabad agus cinneadh críochnúil a dhéanamh maidir leis an bhfuílleach, ceithre mhisean, faoin mbliain 2025.
  • Cur le líon Árais na hÉireann ar fud líon mhisin na hÉireann, Áras na hÉireann i dTóiceo san áireamh sa bhliain 2024 a bheidh ina eiseamláir suaitheanta nua.
  • Leanúint leis an obair dearthóireachta agus forbartha ar ionad nua Áras na hÉireann i Nua-Eabhrac a osclófar i mí na Nollag 2025.
  • Bailchríoch a chur ar na socruithe maidir le hÁras na hÉireann i Londain a oscailt.
  • Poist nua attaché sláinte a chruthú sa Bhruiséil agus sa Ghinéiv agus dlús a chur leis an gcaidreamh san AE agus san Eagraíocht Dhomhanda Sláinte faoi phleanáil agus comhordú domhanda maidir le cúrsaí sláinte.
  • Na cúig straitéis réigiúnacha uile-rialtais agus an dá straitéis maidir le haon tír shonrach amháin a chur i bhfeidhm go hiomlán.
  • Straitéis réigiúnach nua a leagan amach maidir leis an Meánoirthear agus Tuaisceart na hAfraice faoi dheireadh 2023.
  • Cur le tionchar na hÉireann maidir le stiúir bheartais, bhuiséid, chláir agus reachtaíocht an AE san am atá romhainn a mhúnlú, go háirithe le linn ullmhú d’Uachtaránacht na hÉireann ar an AE sa bhliain 2026, agus trí Uachtaránacht leanúnach na hÉireann ar an nGrúpa Euro, agus trí ionadaíocht níos mó ag saoránaigh na hÉireann in institiúidí an AE.
  • Treisiú leis an mbonn láidir atá ar bun cheana féin maidir leis an nGaeilge ina teanga oifigiúil de chuid an AE agus leanúint de thuiscint a chothú i measc an phobail, ag oifigigh agus ag ionadaithe tofa ar na deiseanna a eascraíonn ón stádas seo ag an teanga.
  • Cur i bhfeidhm na Straitéise nua Trádála agus Infheistíochta Value for Ireland, Values for the World (2022-2026), a thabhairt chun cinn, lena n-áirítear:

- cur chuige comhtháite comhoibre maidir le comhchaidreamh le tíortha faoi leith le ‘Meitheal Margaidh Áitiúil’ i ndáil le 35 margadh príomhthábhachta ar fud an domhain; agus

- misin trádála ‘uile-Rialtais’ Éire Dhomhanda gach bliain 2023-2025.

  • Clár cuimsitheach comhchaidrimh a thabhairt i gcrích ag Expo 2025 Osaka.
  • Iléagsúlacht a thabhairt i gcrích maidir le margaí foinse infheistíocht dhíreach seachtrach (FDI), dúbailt foráis i gcomparáid le bonnlíne 2018 maidir le hinfheistíocht i dtionscadail le cabhair ó GFT Éireann as margaí taobh amuigh de na Stáit Aontaithe.
  • Na spriocanna maidir le hiléagsúlacht easpórtála faoi mar a leagadh síos sa bhliain 2018 a bhaint amach, ionas go mbrostaítear le hiléagsúlacht na margaí easpórtála ag cliaint de chuid Fhiontar Éireann d’fhonn luach iomlán na heaspórtála a dhéanann cliaint de chuid Fhiontar Éireann taobh amuigh den Ríocht Aontaithe a dhúbailt faoin mbliain 2025 i gcomórtas le bonnlíne 2018; dúbailt ar an easpórtáil go Limistéar an Euro faoi 2025; agus cur leis an iléagsúlacht maidir le heaspórtáil na gcliant go dtí margaí nua, le 70% ar a laghad den easpórtáil ag dul níos faide ná an Ríocht Aontaithe faoi 2025 agus sin ar luach €21 billiún.
  • Forbairt agus iléagsúlacht maidir le margaí idirnáisiúnta agus spriocanna fáis maidir le heaspórtáil a thabhairt i gcrích faoi mar a leagtar amach in Fís Bia 2030, plean forbartha agus straitéis 10 mbliana na hÉireann d’earnálacha na talmhaíochta, an bhia, na dí agus an iascaigh.
  • Leathnú leis an gcúnamh maidir le healaín agus cultúr na hÉireann a chur chun cinn go hidirnáisiúnta, straitéis Chultúr Éireann 2022-2025 a chur i bhfeidhm, Oifigigh Chultúir a cheapadh i seacht gcinn d’ionaid nua, agus an fhorbairt ar thionscadail chaipitil chultúir idirnáisiúnta a chothú.
  • Séasúr suntasach de chultúr na hÉireann a chur i bhfeidhm sa Ghearmáin i gcomhar le Cultúr Éireann sa bhliain 2024.
  • Clár attaché cuimsitheach tras-rialtais a fhorbairt d’fhonn saineolaithe maidir le réimsí éagsúla, amhail Teicneolaíocht, Eolaíocht, Oideachas Idirnáisiúnta, Taighde agus Nuálaíocht, Imirce, Aeráid agus Cultúr a lonnú i Misin shainroghnaithe ar fud an domhain.
  • Leanúint de bheartas na hÉireann maidir leis an bhforbairt idirnáisiúnta, Domhan níos Fearr, a chur i bhfeidhm.
  • Maith a dhéanamh de ghealltanas na hÉireann i rith sheachtain Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i mí Mheán Fómhair 2022 €50 milliún breise a chur ar fáil chun cur in aghaidh sheargadh leanaí in imeacht na mblianta 2022-24.
  • Straitéis na hÉireann maidir leis an diaspóra a chur i bhfeidhm faoin mbliain 2025.
  • Níos mó ná dúbailt a thabhairt ar chaiteachas iomlán na hÉireann maidir le hAirgeadas Aeráide go mbeidh ar a laghad cothrom le €225 milliún in aghaidh na bliana faoi 2025.
  • Straitéis shlánchóirithe cumarsáide a chur i bhfeidhm maidir le hÉirinn go hidirnáisiúnta agus Ireland.ie ar an bpríomhardán digiteach.
  • Treisiú lenar baineadh amach i rith théarma na hÉireann ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus uachtaránacht Chomhairle na hEorpa, lena n-áirítear:

- dul san iomaíocht sa toghchán do théarma 2027-2029 ar Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine; agus

- trí ról ceannródaíochta na hÉireann ar na comháisitheoirí maidir leis an gcaibidlíocht i ndáil leis an dearbhú polaitiúil ag an gCruinniú Mullaigh faoi Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe i mí Mheán Fómhair 2023.

  • Na spriocanna maidir le turasóireacht a athshocrú agus straitéis nua turasóireachta a sheoladh sa bhliain 2023, le haidhmeanna nua maidir le turasóireacht inmharthana agus margaí tionscanta san áireamh.
  • Imeachtaí móra spóirt a mhealladh go hÉirinn agus a chinntiú go mbíonn tairbhe as sin, agus ceangal leis, ag Foireann Éireann.
  • Na spriocanna maidir le hoideachas idirnáisiúnta a athshocrú agus straitéis nua maidir le hOideachas Idirnáisiúnta, Taighde agus Nuálaíocht a sheoladh sa bhliain 2023.
  • Dlús breise a chur leis an obair le páirtithe tríú leibhéal maidir le múineadh agus cur chun cinn na Gaeilge sa Ríocht Aontaithe, san AE agus i Meiriceá Thuaidh.
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar scoláireachtaí Rialtas na hÉireann agus ar scéimeanna eile Scoláireachtaí d’fhonn na haidhmeanna maidir le hoideachas idirnáisiúnta, taighde agus nuálaíocht a bhaint amach.
  • An clár Nuálaíocht d’Éirinn a chur i bhfeidhm a bhfuil de chuspóir leis na daoine is cumasaí go hidirnáisiúnta i mbun taighde agus fiontraíochta a mhealladh chuig éiceachóras taighde agus nuálaíochta na hÉireann.

Na chéad chéimeanna eile

Leanfaidh an Rialtas de mhonatóireacht a dhéanamh ar forbairtí nua agus déanfar comhordú ar athbhreithniú críochnúil ar an Straitéis ar a theacht chun críche ag deireadh na bliana 2025.

Foilseacháin

Pdf

Athbhreithniú ar Éire Dhomhanda 2023

Íosluchtaigh nasc le haghaidh Íoslódáil
féachaint ar an gcomhad Amharc
Pdf

Éire Dhomhanda: Tuarascáil ar Dhul chun Cinn 2021

Íosluchtaigh nasc le haghaidh Íoslódáil
féachaint ar an gcomhad Amharc
Pdf

Éire Dhomhanda: Tuarascáil ar Dhul Chun 2019

Íosluchtaigh nasc le haghaidh Íoslódáil
féachaint ar an gcomhad Amharc
Pdf

Éire Dhomhanda: Lorg Domhanda na hÉireann go dtí 2025

Íosluchtaigh nasc le haghaidh Íoslódáil
féachaint ar an gcomhad Amharc