Íomha: National Swimming Strategy

Straitéis Náisiúnta Snámha

Beidh an Straitéis Náisiúnta Snámha bunaithe ar Fhís chun ‘deis a thabhairt do gach duine in Éirinn dul ag snámh’. Sa Straitéis seo féachfar leis na hacmhainní atá riachtanach chun an fhís seo a sheachadadh, mar aon leis na baic ar sheachadadh a aithint. Aithneofar ann freisin spriocanna agus meicníochtaí is féidir a úsáid chun cur i bhfeidhm na straitéise a thomhas agus aontú ar chaighdeáin cháilíochta don tionscal snámha.

Ba mhaith leis an Roinn do thuairimí a chloisteáil ar cad ba cheart a chuimsiú sa Straitéis Náisiúnta Snámha.

Ba mhaith linn cloisteáil ó gach earnáil de shochaí na hÉireann, maidir le forbairt na príomhstraitéise seo.

Is féidir an suirbhé a fhreagairt i mBéarla nó i nGaeilge

Tógann an suirbhé timpeall 10 nóiméad le críochnú.

Caitear é a chur i grích roimh an 7 Deireadh Fómhair 2022. Táimid an-bhuíoch as do rannpháirtíocht.