Íomha: Zero Emission Vehicles Ireland banner image

Feithiclí Astaíochta Nialasacha Éireann

Bunaíodh Feithiclí Astaíochta Nialasacha Éireann mar Oifig thiomanta a bhfuil sé de chúram uirthi tacú le tomhaltóirí, leis an earnáil phoiblí agus le gnólachtaí leanúint ar aghaidh ag aistriú chuig feithiclí astaíochtaí nialasacha. Beidh an Oifig i gceannas ar spriocanna uaillmhianacha na hÉireann faoin bPlean Gnímh don Aeráid 2023 a go n-aistreofar 30% dár bhflít carranna príobháideacha chuig carranna leictreacha faoi 2030.

Seoladh Feithiclí Astaíochta Nialasacha Éireann an 21 Iúil 2022, agus fógraíodh tionscnaimh agus deontais nua.

Scéim Deontais eSPSV ar oscailt anois

Tá Scéim Deontais eSPSV24 ar oscailt anois.

Tá €11.5 milliún curtha i leataobh le haghaidh deontas i mbliana trí Scéim Deontais eSPSV24 d’fhonn cur ar chumas úinéirí feithiclí beaga seirbhíse poiblí (tacsaithe, fruilcharranna agus limisíní, cuir i gcás) feithiclí leictreacha a cheannach. Tá an Scéim á maoiniú ag an Roinn Iompair agus á riar ag an Údarás Náisiúnta Iompair.

Tá tuilleadh faisnéise faoi Scéim Deontais eSPSV24, lena n-áirítear cén chaoi cur isteach uirthi, ar fáil

Scéim ZEHDV le hoscailt ar an 12 Feabhra 2024

Osclófar an Scéim Deontais um Cheannach Feithiclí Tromshaothair Astaíochtaí Nialasacha (ZEHDV) an 12 Feabhra 2024.

Bronnann an Scéim deontais chun cuidiú le cuideachtaí agus fiontair ar mian leo feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha (ZEHDV) a cheannach in ionad feithicil díosail choibhéiseach.

Tá an Scéim Deontais um Cheannach Feithiclí Tromshaothair Astaíochtaí Nialasacha (ZEHDV) maoinithe ag an Roinn Iompair agus á riar ag Bonneagar Iompair Éireann.

Glacfar le hiarratais ar an scéim an tseachtain dar tús an 12 Feabhra 2024 agus is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo .

---

Tabhair do d’aire : Bhí tionchar ag athruithe a rinneadh ar an mBlocdhíolúine Ghinearálta (Rial. 651/2014) i mí Iúil 2023 ar an Scéim Deontais um Cheannach Feithiclí Tromshaothair Breosla Mhalartaigh (AFHDV) agus ní raibh an scéim inmharthana a thuilleadh faoi na rialacháin nua. Mar fhreagra air sin, tá an Scéim Tromshaothair Astaíochtaí Nialasacha (ZEHDV) bunaithe ag an Roinn Iompair.

Maidir Linne

Feithiclí Astaíochta Nialasacha Éireann

Seoladh:
Leeson Lane, Dublin 2, Ireland , D02 TR60
Ríomhphost:

Lean muid ar: